Hugo Chávez

Uachtarán Veiniséala (1999-2013) From Wikipedia, the free encyclopedia

Hugo Chávez
Remove ads

Bhí Hugo Rafael Chávez Frias (28 Iúil 19545 Márta 2013) ina uachtarán ar Veiniséala.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Luathshaol

An dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta" (MVR—Movimiento Quinta República), i 1992.

Uachtaránacht

Toghadh Chávez ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán.

A éachtaí:

Remove ads

Freasúra

Bhí meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus chuir siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Táthar in amhras i gcónaí maidir le cumas rialaithe Chávez, agus eacnamaíocht na tíre ag brath go hiomlán ar phraghas ard na peitriliam.

Na himeachtaí:

  • Rinneadh iarracht é a chur as oifig in éirí amach airm ar 11 Aibreán 2002 le cabhair ón SAM, ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é.
  • Bhuaigh Chávez reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads