Lá Fhéile Bríde

From Wikipedia, the free encyclopedia

Lá Fhéile Bríde
Remove ads

Ceiliúrtar Lá Fhéile Bríde agus an fhéile réamh-Chríostaí Imbolc[1] ar an chéad lá de mhí Feabhra.

Fíricí Gasta Cineál, Baint le limistéar údaráis ...

Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach. Téann an fhéile Earraigh siar na mílte bliain agus is ceann de phríomhfhéile na nGael. Is léir ón meascán de thraidisiúin atá ceangailte leis an lá go mbaineann cuid acu leis an aimsir réamh-Chríostaí agus cuid eile leis an aimsir Chríostaí. Ach díríonn siad araon ar theacht an earraigh agus ar an bhfás úrnua sa dúlra.[2]

Thumb
Bríd na Briotáine, timpeall 100 AD[3][4]
Thumb
Féile Imbolc sa bhliain 2008 i Stendedge,Marsden, Huddersfield.
Thumb
Féile Imbolc sa bhliain 2008 i Stendedge,Marsden, Huddersfield.
Remove ads

Miotaseolaíocht na gCeilteach

Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd nó Brigit. Bhí bandia tábhachtach ag na Ceiltigh fadó darbh ainm Brigantia (An Té Ceannasach). Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht, breith clainne agus bainne ag baint léi freisin. Is dócha gur in ómós don bhandia sin a bhíodh Imbolg á cheiliúradh.

Príomhalt: Brigit

Féile an bhleachtanais, féile thús an earraigh agus féile an dóchais atá ann.[5] Thugtaí aitheantas don bheatha nua i lusanna agus sna ainmhithe agus a braitheadh i ngach neach beo. Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh.[6]

Imbolc

Níl na saineolaithe cinnte faoi bhunús na féile seo ná faoin ainm Imbolc (ach b'fhéidir go bhfuil baint aige le focal ársa a chiallaíonn ‘bainne’).[7]

Thumb
Remove ads

Críostaíocht

Rinne na Críostaithe naomh de Brigantia, Naomh Bríd nó Brighid agus choinnigh an naomh sin a lán de na tréithe a bhí aici mar bhandia roimhe sin. Tugtar Lá Fhéile Bríde ar an fhéile s’aici atá ar an chéad lá de Mhí Feabhra – Féile Imbolg na SeanCheilteach.

Thumb
Thumb

Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo inniu.[8] Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann. Ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin.

Príomhalt: Naomh Bríd
Remove ads

Nósanna[9]

Oíche Bhríde

Téann na paistí thart ó theach go teach, ag casadh ceoil & faigheann siad airgead ó fhear an tí,[10]agus bíonn na cailíní ag imeacht le Brídeog in onóir do Bhríd.[11][12],[13][14]

Lá fhéile Bríde

Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Cros Bhrídenó crosóg Bhríde.[15] Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í.[16]

Príomhalt: Crosóg Bhríde

Lá saoire bainc

Reáchtálann lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd ar an gcéad Luan de mhí Feabhra (ó 2023 ar aghaidh). Is é an t-aon lá saoire bainc amháin atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean, agus seans ann ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh.[17]

Rannta

Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd.

Rann:[18]

Ó lá le Bríde amach

bíonn na héin ag déanamh nead,

bíonn na caoire ag breith na n-uan,

is an lá ag dul i bhfad.

Lá saoire poiblí

Ó 2023 ar aghaidh, is lá saoire poiblí é Lá Fhéile Bríde in Éirinn, ar an Luan is gaire don fhéile.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads