Jacques Cartier

From Wikipedia, the free encyclopedia

Jacques Cartier
Remove ads

Ba thaiscéalaí Francach (Briotánach) é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter). Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.

Thumb
Tháinig Cartier go Ceanada sa bhliain 1534 don chéad uair
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
Codex canadensis, ca. 1675-82.

Rinne Cartier trí thuras fharraige go Ceanada sa 16ú haois. Ba é Cartier an chéad duine a leag amach an abhainn Naomh Laurent.

Thumb
Cartier agus na hIndiaigh,inniu san Ardeaglais Gaspé
Remove ads

1534

Tháinig na Francaigh, le Cartier mar cheannaire, go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol siad isteach san abhainn St. Lawrence. Sheol Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[1]

Ar an 24 Iúil 1534, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.

Thumb
Cartier ag Hochelaga sa bhliain 1535 le Adrien Hébert
Remove ads

1535

An bhliain dár gcionn, thug Cartier cuairt an cheantar Montréal, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1535. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Lawrence.

Tagann an t-ainm Ceanada ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid na hIroquois i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan.

Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.

Remove ads

1542

D'fhill Cartier i 1542 le sagairt agus coilínigh agus bhunaigh sé an sráidbhaile Ville Marie.

Thumb
Dealbh Cartier, Saint-Roch, cathair Quebec.

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads