James Nowlan

uachtarán CLG ó 1901 go 1921 From Wikipedia, the free encyclopedia

James Nowlan
Remove ads

Bhí James Nowlan (nó Séamus Ó Nualláin, 1862  – Meitheamh 1924) ina uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael ó 1901 go 1921 agus is é an duine a chaith an tréimhse is faide sa bpost sin riamh. B'ionadaí de chuid Shinn Féin agus ball de Chonradh na Gaeilge é freisin.  In 2009, chuir an Sunday Tribune Nowlan ar a liosta de na 125 duine is mó tionchair i stair Chumann Lúthchleas Gael.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
James Nowlan (ar dheis — culaith dhorcha agus babhlaer) ag croitheadh lámh le Mícheál Ó Coileáin (ar chlé) roimh chluiche ceannais iomána Laighean sa bhliain 1921
Remove ads

Luathshaol

Rugadh Nowlan i Mainistir EimhínContae Chill Dara sa bhliain 1862 agus, de réir taifid sa séipéal áitiúil, baisteadh i bhFéarach na mBó, Mainistir Eimhín é ar 25 Bealtaine 1862. Bhí a athair, Patrick Nowlan, ina bhall luath de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus ina chara le James Stephens.[2] Cúipéir ó chathair Chill Chainnigh ab ea an t-athair, agus d'fhéadfadh sé gur bhog sé ó Chill Chainnigh chun post a thógáil le Cassidy’s Whisky i Mainistir Eimhín.[3][1] D'fhoghlaim James Nowlan an chúipéireacht freisin.[4][5]

Remove ads

Saol oibre

Bhí Nowlan ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus ina ghníomhaí ar son na Gaeilge ar feadh a shaoil. Thacaigh sé le Sinn Féin ó bunaíodh an páirtí sa bhliain 1905. Sa bhliain 1898, toghadh é ina bhardasach ar Bhardas Chill Chainnigh. D’úsáid sé a chuid ama sa phost sin chun Cumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn, eagraíocht réasúnta nua ag an am a bunaíodh 14 bliana roimhe sin. Ba é an chéad chathaoirleach ar Chomhairle Laighean CLG, ó 1900. Toghadh é ina uachtarán ar CLG ag an gComhdháil Náisiúnta i Meán Fómhair 1901, post a bheadh aige ar feadh fiche bliain, fós an tréimhse is faide a bhí aon duine sa bpost sin.[4] Le linn a uachtaránachta, rinne sé iarracht an eagraíocht a chur ar chosán níos poblachtánaí

Tar éis Éirí Amach na Cásca, ghabh na Briotanaigh Nowlan i mBealtaine 1916, agus rinneadh imtheorannú gan triail air in Frongoch na Breataine Bige. I mí Lúnasa na bliana sin, scaoileadh saor é agus lean sé ar aghaidh lena dhualgais CLG agus Shinn Féin. Thacaigh sé go poiblí leis an IRA le linn Chogadh na Saoirse sna 1920idí. 

Ag Comhdháil CLG sa bhliain 1921, d’éirigh Nowlan as an uachtaránacht, agus ceapadh é ina Uachtarán Oinigh ar an gcumann ar feadh a shaoil an t-aon duine ar tugadh an onóir sin dó.

Remove ads

Bás agus oidhreacht

Fuair Nowlan bás i Meitheamh 1924.  Athainmníodh Páirc Uí Nualláin, staidiam CLG ina áit dúchais i gCill Chainnigh, ina onóir trí bliana ina dhiaidh sin.  Cuireadh i reilig Ghlas Naíon é. Ní raibh cloch chinn ar a uaigh go dtí 2013 nuair a chuir CLG cros Cheilteach in airde.[6] I mí Mheán Fómhair 2016, nocht CLG corn nua darb ainm Corn Uí Nualláin le bronnadh ar sheaimpíní iomána na hÉireann faoi-21.[7]

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads