Jean-Claude Izzo
scríbhneoir Francach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
File, iriseoir agus úrscéalaí as Marseille ba ea Jean-Claude Izzo (Marseille 20 Meitheamh 1945 – Marseille 26 Eanáir 2000).[1]
Remove ads
Scríobh Izzo filíocht go hairithe sna 1970-1990idí.
Bhain sé cáil amach go tobann in 1995 nuair a foilsíodh an scéinséir Kíor Thuathail (Total Khéops)[2] sa sraith Fhrancach Série noire de chuid Gallimard.[3] Tháinig a húrscéalta Chourmo agus Solea amach níos déanaí, an dá leabhar eile sa tríológ. Is é Montale príomhcharachtar na tríolóige, póilín. Portráid ilghnéitheach de Marseille ag deireadh an chéid seo caite atá sa leabhar seo, an chathair inar fhás an t-údar féin aníos. Castar orainn coirpigh agus daoine gránna den uile chineál agus muid ag leanacht Montale trí chúlsráideanna dorcha na cathrach – idir phóilíní cama, an Maifia, antoiscigh chreidimh, phéidearastaigh, chiníochaithe agus eile.[1]
Scannánaíodh Kíor Thuathail don teilifís faoin teideal Fabio Montale in 2001 agus don phictiúrlann faoin teideal Total Khéops in 2002.
Ar an drochuair bhuail ailse sceadamáin Izzo agus d'éag 26 Eanáir 2000, in aois 54 dó.
Remove ads
D'fhoilsigh Leabhar Breac Kíor Thuathail,[4] leagan Gaeilge de Total Khéops le Jean-Claude Izzo sa bhliain 2017 agus Siúrmó (Chourmo),[5][6][7] aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir sa bhliain 2023
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads