Jimi Hendrix

giotáraí agus amhránaí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Jimi Hendrix
Remove ads

Ceoltóir Meiriceánach ab ea James Marshall "Jimi" Hendrix, (27 Samhain, 1942 - 18 Meán Fómhair, 1970). Giotáraí agus cumadóir a bhí ann, agus aithnítear mar dhuine de na giotáraithe leictreacha is mó tábhacht i stair an rac-cheoil. As Seattle dó, fuair sé bás i Londain, Shasana sa bhliain 1970.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Saol

An t-ainm baiste a bhí air ná Johnny Allen Hendrix. Tháinig sé chun saoil i Seattle, Washington, mac le hAl Hendrix agus a bhean Lucille Jeter Hendrix.

Thugtaí Buster air mar leasainm agus é ina óige, in ómós do Buster Brown, cartún a bhí cáiliúil ag an am.

Sa bhliain 1946, d'athraigh a athair Al Hendrix a ainm go hoifigiúil go James Marshall Hendrix. Tar éis seo, bhíodh aithne ag daoine air mar Jimmy, nó James. Agus é ag seinm i mbannaí éagsúla, thosaigh sé ag tabhairt idir Maurice James agus Jimmy James air féin. Dhearbhaigh a bhainisteoir Chas Chandler níos déanaí gur iarr sé ar Hendrix an litriú a athrú go "Jimi", in áit "Jimmy", ach mhaígh Hendrix gurb é a smaoineamh féin.

Remove ads

Cáil

Thumb
1968, Warner/Reprise Records

San Eoraip a bhain sé a chéad cháil amach, le tacaíocht óna bhanna The Jimi Hendrix Experience. Níorbh fhada go raibh a ainm in airde abhaile i Meiriceá chomh maith, tar éis a thaispeántais ag an Monterey Pop Festival sa bhliain 1967. Bhí sé ag barr an chláir ag na féilí Woodstock sa bhliain 1969 agus Isle of Wight sa bhliain 1970.

Laoch giotáir atá i Hendrix fós. Citeog a bhí ann, a bhí gafa go mór lena Fender Stratocaster. Bhain sé leas an-mhór as aischothú an ghiotáir, le cabhair go minic ó troitheán wah-wah.

Remove ads

Bás agus oidhreacht

Bhásaigh Hendrix ag árasán a bhanchara Monika Dannemann i Notting Hill, Londain go luath sa maidin ar an 18 Meán Fómhair, 1970. Thacht sé ar an aiseag féin tar éis dó an-iomarca piollairí suain agus alcól a thógáil.

Dioscliosta

The Jimi Hendrix Experience

  • Are You Experienced? (1967)
  • Axis: Bold as Love (1968)
  • Electric Ladyland (1969)

Albam beo

  • Band of Gypsies (1970)

Albam díolama

  • Smash Hits (1969)
  • Electric Jimi Hendrix (1968)

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads