Ken Berry
aisteoir Meiriceánach (1933-2018) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
B'aisteoir agus damhsóir Meiriceánach é Kenneth Ronald "Ken" Berry (3 Samhain 1933 – 1 Nollaig 2018).[1]
Bhí príomhpháirt ag Berry ar na sraitheanna teilifíse F Troop, The Andy Griffith Show, Mayberry R.F.D. agus Mama's Family. D'oibrigh sé freisin ar Broadway in The Billy Barnes Revue, d'imir sé an phríomhpháirt mar George M. Cohan sa dráma ceolmhar George M! agus rinne sé an ról coimeádach ar an dráma leighis Dr. Kildare, le Richard Chamberlain sna 1960idí.
Chaith Berry seal in Arm na Stát Aontaithe: san airtléire an chéad bhliain, agus sna Seirbhísí Speisialta an dara bliain. Sna Seirbhísí Speisialta rinne sé siamsaíocht go minic (thugadh sé a bhróga damhsaíochta leis gach áit) agus d'earcaigh sé don Arm. Rinne sé an obair sin sa dara bliain faoin Sáirsint Leonard Nimoy, duine a chuidigh le Berry nuair a chuaigh sé i mbun siamsaíochta taobh amuigh den Arm.
Remove ads
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads