Kerry-Anne Mendoza

scríbhneoir agus iriseoir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Scríbhneoir, iriseoir agus tráchtaire sóisialta Sasanach í Kerry-Anne Mendoza (rugadh 13 Meitheamh 1981 [1] ). Bhí sí ina príomh-eagarthóir ar The Canary, soláthraí nuachta nua ón eite chlé.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Luathshaol agus oideachas

Tógadh Mendoza i Kingswood, in aice le Bristol. Cuireadh oideachas uirthi i Meánscoil Kingsfield, ansin chuir sí tús le céim staire in Ollscoil Sussex. Tar éis dul ar chuairt faisnéise in Iosrael / sa Phalaistín sa bhliain 2002 (le linn an intifada Al-Asqa, sé sin éirí amach na Palaistíne i gcoinne Iosrael), inar chonaic sí ionsaí Iosrael i gcathair Ramallah sa Bhruach Thiar, tharraing sí siar ón gcúrsa ollscoile. Chuir sí síos ina dhiaidh sin ar a dhá chuairt ar an bPalaistín i 2002, agus ar Chogadh na hIaráice 2003, mar tráthanna ríthábhachtacha ina"radicalisation into [a] social justice warrior".[2]

Remove ads

Gairmréim

Bhí Mendoza ina bainisteoir tionscadail ar bhainc na mórshráideanna agus b'iarchomhairleoir bainistíochta sa bhaincéireacht í, sa rialtas áitiúil agus sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, a d’fhág a post chun a bheith páirteach san agóid Occupy.[3]

Chomhbhunaigh sí The Canary in 2015, agus is í a céad eagarthóir ceannais í.

Foilsíodh a leabhar, Austerity: The Demolition of the Welfare State and the Rise of the Zombie Economy , sa bhliain 2015.

Scríobh sí faoi "Scriptonite" ar bhlag Scriptonite Daily agus ar na húdair a chuir alt isteach sna mór-eagraíochtaí nuachta mar The Guardian, [4] an New Internationalist agus RT UK.

Ó 2017, bhí sí le feiceáil ar chláir dhíospóireachta tráthúla an BBC Question Time agus Any Questions? [5][6]

Sa bhliain 2018, thug Comhairle na gComhaltaí Gorma (Black Members' Council) d’ Aontas Náisiúnta na nIriseoirí (ANI) cuireadh di léacht bhliantúil <a href="https://en.wikipedia.org/wiki/Black_History_Month" rel="mw:ExtLink" title="Black History Month" class="cx-link" data-linkid="62">Black History Month</a> a thabhairt in onóir Claudia Jones, in oifigí an nuachtáin The Guardian. Chuir go leor d’iriseoirí an pháipéir sin ina aghaidh, áfach, mar gheall ar ról The Canary i gcoinneáil agus ionnarbadh saor-oibritheora an Guardian, Carl David Goette-Luciak i Nicearagua, agus níor lean an ócáid ar aghaidh.[7][8][9][10]

Remove ads

Barúlacha agus na meáin shóisialta

Ó thaobh na polaitíochta de, ba chosantóir láidir í Mendoza ar thionacht Jeremy Corbyn 2015-2019 mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre.[11]

I mí Eanáir 2020, rinne Mendoza comparáid idir ceiliúradh na Breatimeachta agus an Ghearmáin Naitsíoch, ag tabhairt le tuiscint go bhféadfadh ceiliúradh na Breatimeachta táirge deiridh amhail “Kristallnacht an 21ú haois” a bheith aige[12] agus, i mí Lúnasa 2020, tvuít sí “Get Brexit done Build, build, build Jobs, Jobs Jobs Arbeit macht frei ".[13] Ag míniú an dara tweet dí, dúirt Mendoza le Nuacht na nGiúdach gurb é “ "the historical resonance of the phrase was the entire point" , ag rá “"The replacement of meaningful political debate with propagandist slogans, alongside the demonisation of refugees and people seeking asylum should be a source of national shame for England.". Mheas sí freisin gur "a compliment to be criticised by a Conservative MP helping drive that descent into fascism.".

I bhFómhar 2020, chuaigh sí i bpáirt le feachtas neamhspleáchais na Breataine Bige YesCymru tar éis di bogadh go dtí an Bhreatain Bheag. i mí Feabhra 2021 chuir an grúpa tús le himscrúdú ar líomhnaithe i ndáil lena tvuít Arbeit macht frei. Dúirt sí go raibh na líomhaintí “gan bhunús” agus mar chuid d’fheachtas clúmhillte na heite deise ”.[14][15]

Saol pearsanta

Sa bhliain 2010, bhunaigh Kerry-Anne comhpháirtíocht shibhialta le Nancy Mendoza. Tá cónaí orthu i nGleannta Theas na Breataine Bige.[16]

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads