Kneecap
banna ceoil hip-hap Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Tríréad rapcheoil as Iarthar Bhéal Feirste is ea Kneecap; triúr ógfhear atá sa ghrúpa – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Baineann an grúpa feidhm as seanmhanaí gríosaitheacha an IRA mar chuid dá bhfeachtas poiblíochta.[1][2][3]






Remove ads
Ceol
D'eisigh Kneecap a gcéad singil, 'C.E.A.R.T.A.',[4][5][6][7][8][9][10][11] sa bhliain 2017.[12] Lá amháin, an lá roimh mhórshiúl Acht na Gaeilge in 2017, bhí Móglaí Bap ag spraephéinteáil graifítí in éineacht le cara dá chuid. Scríobh a chara an focal 'Cearta' ar stad bus i mBéal Feirste. Ansin tháinig na póilíní agus gabhadh an cara. Dhiúltaigh sé Béarla a labhairt leo, agus chaith sé an oíche faoi ghlas sular tháinig aistritheoir. Tá an t-amhrán 'C.E.A.R.T.A.' bunaithe ar an eachtra sin."[13]
D'éirigh go han-mhaith leis an singil agus shocraigh Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí leanúint ar aghaidh mar Kneecap.
Tháinig a gcéad albam, "Fine Art" amach i mí an Mheithimh 2024.[14][15] Léirmheas cúig réalta a fuair Fine Art ón NME, a dúirt go gcoinneoidh rapáil Móglaí Bap agus Mo Chara faoi gheasa thú agus go gcuirfidh buillí DJ Próvaí fíbín ort. Deirtear gur albam é a bhfuil faobhar ar an ngreann ann agus dánaíocht ag baint leis[16]
Spreagadh
Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ina spreagadh mór ag an mbanna. "Gan Rónán Mac Aodha Bhuí ní bheadh Kneecap ann inniu, ba é féin a thug ardán don oiread ceoltóirí, a thug guth daofa ar an raidió agus spreag gach sórt ceol. Chreid sé ariamh i gceol comhaimseartha na Gaeilge agus chuir sé achan phíosa fuinneamh a bhí aige isteach ann. Ba é Rónán a sheinn CEARTA ar RnaG don chéad uair ach ansin cuireadh cosc air agus fuair sin níos mó poiblíocht dúinn ná go dtiocfadh linn riamh a shamhlú, b’shin é, fear a thóg seansanna. Ba é Rónán a thug ár gcéad gig dúinn i dTeach Hiúdaí Beag, gig a chuir fíorthús le haistear ceol s'againn."[17]
Baineann línte in CEARTA macalla as curfá Muca, traic de chuid an tionscnaimh hip hap Craos, "Muca Muca Muca sa tóir ar do mheon / Muca Muca Muca mo ghráin iad go deo".
Remove ads
Conspóidí
Tarraingíonn Kneecap conspóid. Tháinig clú ar Kneecap don chéad uair in 2017 nuair a dúradh gur chuir RTÉ cosc ar an amhrán CEARTA.
Ainm an ghrúpa
Is ionann Kneecap agus an briathar Béarla ar "lámhach sa ghlúin". Is dócha go bhfuil beagán imeartais focal i gceist freisin leis na focail Ghaeilge Ní cheapaim a bhí mar bhuafhocail in jóc coitianta.[18] Tá an jóc céanna, a raibh leaganacha iomadúla de ann, bunaithe ar fhreagra débhríoch na ceiste.
“ | "Beirt bhall den IRA ag plé ceard is cóir a dhéanamh le ball den UVF. Iad ag labhairt Béarla is Gaeilge. Should we kneecap him? Ní cheapaim."[19] | ” |
Is tagairt é ainm an ghrúpa, nó "lámhach sa ghlúin", don nós brúidiúil a bhí ag an IRA ógánaigh ón bpobal náisiúnach a lámhach sna pláitíní glúine agus cithréim a fhágáil orthu ar feadh a saoil. Pionós ainrianta a bhí ann a ghearrtaí ar dhaoine óga faoi iompar frithshóisialta nó faoi bhearta eile nár thaitin leis an IRA.[2]
Dearcadh frithbhunaíochta
Tá dearcadh frithbhunaíochta orthu, ag plé le drugaí agus ag spochadh as na póilíní go minic. Is Poblachtaigh go smior iad[20] ach ag an am chéanna tá sé áitithe acu nach bhfuil aon teachtaireacht sheicteach ina gcuid ceoil.[21]
Úsáideann Kneecap an téarma RUC chun cur síos a dhéanamh ar an fhórsa póilíneachta reatha ó thuaidh, an PSNI nó an Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ).[12]
Chuir Kneecap a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne in iúl trí bhratach a chrochadh ag ceolchoirmeacha.[22]
Cúiseamh
In 2025 tháinig físeáin chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid Pháirtí Coimeádach na Breataine agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Bhí litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.[23][24][25][26][27]
Remove ads
Scannán
Rinneadh scannán in 2023, Kneecap, a léiríonn fás an bhanna.[28] Tá baill an bhanna iad féin, chomh maith le Michael Fassbender,[14] le feiceáil sa scannán, a bhfuil idir Ghaeilge agus Bhéarla ann.
I mí Eanáir 2024, reáchtáladh «première» an scannáin ag Féile Scannán Sundance 2024, an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an fhéile riamh. Bronnadh Duais 'Next' an Lucht Féachana ar an scannán ag Sundance.[nóta 1][29] Cheannaigh Sony Pictures Classics an scannán[30] agus bhí sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud an domhain le linn 2024-2025 dá bharr.[nóta 2][31]
Dioscliosta
Albaim
Cnuastéip
- 3CAG (2018, 2021)
- Better Way To Live, athmheascaithe (2024, le Grian Chatten, athmheascaithe ag Sam Interface)
- Fine Art Remixes (2024, le Grian Chatten, athmheascaithe ag Sam Interface, David Holmes, agus Jonah Swilley)
Singlí
- C.E.A.R.T.A (2017)[11]
- Amach Anocht (2018)
- H.O.O.D (2018)[32]
- Gael-Gigolos (2019)
- Fenian Cunts (2019)
- Get Your Brits Out (2019)
- MAM (2020)[33]
- Thart agus Thart (2021)
- Guilty Conscience (2022)[34]
- IT'S BEEN AGES (2023)
- Better Way to Live (2023, le Grian Chatten)
- Sick In The Head (2023)
- Fine Art (2024)
- Love Making (2024, le Nino)
- The Recap (2025, le Mozey)
Remove ads
Féach freisin
- Kneecap (scannán)
- Lámhach sa ghlúin
- Mo Chara
- Tionscadail rap eile: Súil Amháin, Craos, Oisín Mac
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Nótaí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads