Kris Kristofferson

amhránaí agus aisteoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Kris Kristofferson
Remove ads

Amhránaí agus aisteoir ab ea Kris Kristofferson (a rugadh ar an 22 Meitheamh 1936, i mBrownsville, Texas, agus a d'éag ar an 28 Meán Fómhair 2024 i Haváí).

Thumb
1978
Thumb
Kris Kristofferson, Féile South by Southwest Festival 2006.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Beatha

Thumb
A Star Is Born (1976)

In Brownsville, Texas, in 1936 a saolaíodh Kris Kristofferson ach bhog sé ó áit go háit nuair a bhí sé ina leanbh mar gur saighdiúir in Arm Mheiriceá ab ea a athair.[1]

Ba polymath nó ileolaí a bhí in Kris. Múinteoir, scríbhneoir, píolóta heileacaptar le gradam, scoláire Rhodes ag Oxford, sular thosaigh a ghairm sa gceol, fiú.[2]

Ba ghníomhaí é chomh maith – bhí sé páirteach i bhfeachtas i gcoinne Ronald Reagan agus Poblachtánaigh eile.

Fear mór ban a bhí ann. In 1961, phós Kristofferson Frances "Fran" Mavia Beer. Chuaigh sé amach leis an amhránaí Janis Joplin, 1969-1970. Phós sé an t-amhránaí Rita Coolidge in 1973. Ansin phós sé Lisa Meyers in 1983. Bhí ochtar clainne air.

Bhásaigh Kristofferson ina theach cónaithe i Haváí ar an 28 Meán Fómhair 2024. Bhí sé 88 bliain d'aois. Maireann a thríú bean chéile agus a ochtar clainne.

Remove ads

Amhránaíocht

D'eisigh Kristofferson a chéad cheirnín singil Golden Idol i 1967 agus a chéad albam Kristofferson i 1970.

Cé gur mhinice ag canadh ar cheirnín agus ar an stáitse ina aonar, chan sé freisin in éindí le hamhránaithe eile, The Highwaymen ina measc – scothghrúpa a raibh Johnny Cash, Waylon Jennings agus Willie Nelson páirteach ann chomh maith. Scríobh sé cuid mhaith amhrán freisin, dó féin agus d'amhránaithe eile araon.[1]

Bhí scéalta sna hamhráin go minic:[2]

  • B’í Bobby de chuid "Me and Bobby McGee" rúnaí leis an gceannaire Monument, Fred Foster – mheas Kris go raibh ceol san ainm agus roinn sé an chreidiúint scríbhneoireachta léi mar ionspráid – Kristofferson/Foster atá ar an lipéid fós.
  • "To Beat the Devil" – amhrán scríofa fé Johnny Cash – a chuimhnigh ar am nuair a bhí Cash ina "a great and wasted friend of mine" ach a canadh nuair ná raibh Cash 'wasted’ a thuilleadh.

Tháinig an t-albam deiridh uaidh The Cedar Creek Sessions in 2016.

Remove ads

Aisteoireacht

Bhí ceann den dá phríomhpháirt ag Kris Kristofferson sa scannán A Star is Born in éindí le Barbra Streisand i 1976 agus bhí sé i scannáin leis na stiúrthóirí Sam Peckinpah agus Martin Scorsese freisin. Bhí an phríomhpháirt aige chomh maith sa scannán fíorchostasach Heaven's Gate leis an stiúrthóir Michael Cimino.[1]

Bhuaigh sé an gradam Aisteoir is Fearr i gCoiméide nó Ceoldráma sna gradaim Golden Globe i 1977.

In Éirinn

Bhí an-tóir ar cheol Kristofferson in Éirinn agus is iomaí cuairt a thug sé ar an tír seo i gcaitheamh a shaoil.[1][3]

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads