La Réunion

From Wikipedia, the free encyclopedia

La Réunion
Remove ads

Oileán san Aigéan Indiach is ea Île de la RéunionLa Réunion (fuaimniú i bhFraincis /ˈla ʁeynjɔ̃/, i dTamailis: இறியூனியன்). Bhí Île Bourbon mar ainm aige cheana. Tá sé suite siar ó Mhadagascar agus thart faoi 200 ciliméadar (120 míle) soir ó dheas ó Oileán Mhuirís. Is é Saint-Denis an príomhbhaile. Bhí 808,250 duine ina gcónaí ar an oileán ag tús 2011. Ó thaobh rialtais de, is réigiún thar lear de chuid na Fraince é Réunion. Tá an Fhrainc roinnte i sé réigiúin is fiche agus tá ceithre réigiún díobh sin suite thar lear. Is iad Guadalúip, an Ghuáin Fhrancach, Martinique agus Mayotte na réigiúin thar lear eile. Tá an stádas céanna ag na réigiúin thar lear agus atá ag na réigiúin sin atá suite sa Fhrainc i mór-roinn na hEorpa. Dá bhrí sin is cuid den Aontas Eorpach é agus is é an Euro atá mar airgead ann.

Fíricí Gasta Mana, Suíomh ...
Remove ads

Íomhánna

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads