Liam Mac Con Iomaire

iriseoir agus údar Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Éireannach ab ea Liam Mac Con Iomaire (rugadh 1937, i gCasla, Co. na Gaillimhe – d’éag 2019).[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhí sé ina léitheoir nuachta ar RTÉ. Scríobh sé dornán leabhar agus roinnt aistriúchán, a bhaineann le Conamara go príomha, chomh maith le mórbheathaisnéisí suntasacha Gaeilge ar Bhreandán Ó hEithir agus ar Sheosamh Ó hÉanaí.[2] Ba é athair an cheoltóra fidile, agus ball den bhanna The Frames, Colm Mac Con Iomaire é. [3][4]

Bhuaigh Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson Gradam Lois Roth 2016 don Aistriúchán ar Shaothar Liteartha do Cré na Cille: A Narrative in Ten Interludes, le Máirtín Ó Cadhain (Yale University Press, 2016).[5]

Remove ads

Leabharliosta

  • Ireland of the Proverb (le Bill Doyle), Rinehart Publishers, 1995.
  • Conamara: The Unknown Country (le Bob Quinn ), Cló Iar-Chonnacht, 1997.
  • Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, Cló Iar-Chonnacht, 2000.
  • Controller's Report Yearbook 2002, Wiley & Sons Canada Limited, 2003.
  • Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche, Cló Iar-Chonnacht, 2007.
  • Graveyard Clay (le Tim Robinson), Yale University Press, 2015. (Aistriúchán ón mbunúrscéal le Máirtín Ó Cadhain Cré na Cille ).
Remove ads

Féach freisin

  • Mac Con Iomaire, an sloinne Gaelach

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads