Liu Xiaobo
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ba intleachtóir, scríbhneoir agus gníomhaí ar son chearta an duine, sa tSín é Liu Xiaobo (28 Nollaig 1955- 13 Iúil 2017) (Sínis shimplithe: 刘晓波; carachtair Shíneacha thraidisiúnta: 劉曉波; pinyin: Liú Xiǎobō).
D'fhreastail sé mar Uachtarán ar Lárionad Neamhspleách PEN na Síne ón bhliain 2003 i leith.
Ar an 8 Nollaig 2008, gabhadh é toisc go raibh sé rannpháirtíocht le Cairt 08 (Sínis: 零八宪章). Gabhadh go foirmiúil é ar an 23 Meitheamh 2009, ar amhras go raibh sé "ag gríosú treascartha in aghaidh cumhachtaí an stáit." [1][2]
Cuireadh faoi thriail é ar na cúisimh chéanna ar an 23 Nollaig 2009. Gearradh pianbhreith a haon déag bliana príosúnachta air. Chaill sé a chearta polaitiúla ar feadh dhá bhliain ar Lá Nollag na bliana 2009.

Le linn a 4ú théarma príosúnachta ó 2009-2020, bhuaigh sé Duais Nobel na Síochána an 8 Deireadh Fómhair 2010, le haghaidh "a streachailt fhada agus neamh-fhoréigneach ar son chearta daonna bunúsacha sa tSín." [3][4][5]
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads