Llywelyn ap Gruffudd

From Wikipedia, the free encyclopedia

Llywelyn ap Gruffudd
Remove ads

Bhí Llywelyn ap Gruffudd (Llywelyn ein Llyw Olaf) (circa 1225 – 11 Nollaig 1282) ina Thaoiseach ar an mBreatain Bheag (Tywysog Cymru) ó 1258 go 1282, nuair a mharaigh saighdiúirí Sasanacha é in Cilmeri. Bhí sé ar an gcéad duine a d’aithin Rí Shasana mar Thaoiseach na Breataine Bige.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Ba é an aidhm a bhí aige ná iarracht a dhéanamh an Bhreatain Bheag a aontú, agus throid sé go dian i gcoinne Ríthe Shasana, go háirithe Éadbhard I, chun é seo a bhaint amach. Tugann go leor daoine “Llywelyn ein Llyw Olaf” (Gaeilge: Llywelyn an Rialtóra Deiridh) air toisc gurbh é an taoiseach deiridh ar an mBreatain Bheag, sular rialaigh Rí Shasana, Éadbhard I, an Bhreatain Bheag ar fad.[1]

Tá sé teacht air den chéad uair i dtaifid sa bhliain 1243.[2] Ar bhás a uncail Dafydd ap Llywelyn i 1246, ba é an comharba follasach é, ach de réir Chonradh Woodstock sa bhliain 1247bhí an oynydd ydólny, ach ina ól Conradh Woodstock i 1247 roinneadh Gwynedd idir an triúr deartháireacha: Llywelyn, Owain (a dheartháir ba shine) agus Dafydd. Sa bhliain 1255 fuair Llywelyn an ceann is fearr ar a bheirt deartháireacha agus bhunaigh sé é féin mar rialtóir aonair ar 'Gwynedd Uwch Conwy' (Gaeilge: Gwynedd Thar Chonwy).[2] An bhliain dár gcionn bhí 'Y Berfeddwlad' faoina cheannas, agus taobh istigh de dhá bhliain bhí an chuid is mó de 'Tywysogaeth Cymru' (Gaeilge: Prionsacht na Breataine Bige)ina sheilbh aige.

Tar éis cogadh cathartha i Sasana sa bhliain 1263 faoi cheannas Simon de Montfort, síníodh Comhaontú Trefaldwyn. D’aithin an comhaontú idir Llywelyn agus Anraí III Shasana seasamh Llywelyn mar Tywysog Cymru agus an ceart aige chun ómós a fháil ó gach prionsa agus tiarna sa Bhreatain Bheag neamhspleách. Rinneadh é sin i láthair Ottobuono, ambasadóir an Phápa.[3]

Thumb
Armas Llywelyn ap Gruffudd
Remove ads

Crann Teaghlaigh

 
 
 
 
 
 
 
 
Llywelyn Mór
1173-1200-1240
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Gruffydd ap Llywelyn
1200-1244
 
Dafydd ap Llywelyn
1215-1240-1246
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Owain Goch ap Gruffydd
d. 1282
 
Llywelyn the Last
1223-1246-1282
 
 
 
Dafydd ap Gruffydd
1238-1282-1283
 
 
 
Rhodri ap Gruffudd
1230-1315
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Gwenllian
1282-1337
 
Llywelyn ap Dafydd
1267-1283-1287
 
Owain ap Dafydd
1265-1287-1325
 
Tomas ap Rhodri
1300-1325-1363
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Owain Lawgoch
1330-1378
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads