Lyon

From Wikipedia, the free encyclopedia

Lyon
Remove ads

Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an tríú cathair is mó sa Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastranómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...

Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó sa Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.

Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.

Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is príomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.

Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads