Mícheál Ó Máirtín
polaiteoir Éireannach de chuid Fianna Fáil From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil is ea Mícheál Ó Máirtín (Béarla: Micheál Martin) (rugadh 1 Lúnasa 1960), a toghadh mar cheannaire an pháirtí sin an 26 Eanáir 2011.[1] Ceapadh é ina Thaoiseach ar an 27 Meitheamh 2020,. D'éirigh sé as ar 17 Nollaig 2022, nuair a ceapadh é mar Thánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gnóthaí Eachtracha.
Remove ads
Beatha
Sa bhliain 1984, Bhí sé ina mhúinteoir i gColáiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí,[2] Bliain ina dhiaidh sin, toghadh é chun na Comhairle Cathrach Chorcaí, ag éirí ina Ardmhéara in 1992.
Phós Mary O'Shea sa bhliain 1990; bhí cúigear clainne orthu ach bhásaigh beirt.
D'éirigh leis a bheith tofa chun na Dála den chéad uair in olltoghchán 1989 agus ceapadh é ina aire sinsearach rialtais ceithre huaire le linn d'Fhianna Fáil a bheith i réim ó 1997 go dtí 2011.
Is é an cháil is mó atá air ná gurbh é an tAire Sláinte a thug isteach an cosc iomlán ar chaitheamh tobac in áiteanna oibre in Éirinn sa bhliain 2004. Bhí an-rath ar an gcosc seo agus bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a chuir an polasaí seo i bhfeidhm.
Sheas Ó Máirtín in Olltoghchán 2016 agus toghadh arís é le 20.4% de na vótaí chéad rogha.
Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil.[3][4] Ar an lá céanna, ceapadh Micheál Martin mar Thánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gnóthaí Eachtracha,[5]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads