Macha

bandia Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Macha
Remove ads

Ba bhandia flaithis na hÉireann Ársa í Macha[1][2] gaolta le Cúige Uladh, go háirithe le hEamhain Mhacha agus Ard Mhacha, a bhfuil ainmnithe aisti.[3]

Fíricí Gasta Cineál, Dáta ...

Tagann roinnt phearsa aníos i Miotaseolaíocht na nGael agus sa bhéaloideas, a chreidtear gurb an bandia céanna iad go bunúsach. Deirtear gurb í ar cheann de na triúr deirfiúacha darb ainm Mór-Ríoghain. Maraon le bandéithe flaithis eile, tá Macha gaolta leis an talamh, torthúlacht, ríogacht, cogadh agus capaill.[4]

Remove ads

Sanasaíocht

Is amhlaidh go bhfraomhaítar an t-ainm ón Prota-Ceilteach *makajā.[5] Dúradh chomh maith gur tugadh Grian Banchure (Banúlacht) uirthi.[6]

Macha, iníon Phartholón

Luaitear Macha i ndán i Leabhar Gabhála na hÉireann mar iníon Pharthalán, ceannaire an chéad gabhál agus áitriú ar Éirinn tar éis an Díleann, cé nach bhfuil tada eile scríofa fúithi.[7]

Macha, bean chéile Neimhidh

De réir foinsí áirithe, tá dara Macha ann, bean chéile Neimhidh, ceannaire an dara gabhál agus áitriú ar Éirinn tar éis an Díleann. Ba í an chéad duine de mhuintir Neimhidh a fuair bás in Éirinn – 12 bliana tar éis a dteachta, de réir Seathrúin Céitinne,[8] 12 lá de réir Annála na gCeithre Máistrí.[9] Deirtear go bhfuil an cnoc a bhfuil sí curtha ann ainmnithe aisti, Ard Mhacha. Glanadh an choill thart timpeall an chnoic ag muintir Neimhidh agus tugadh 'Magh Mhacha ar an áit.

Macha, iníon Ernmais

Tagann Macha, iníon Ernmais na dTuath Dé Danann, aníos dána luathfhoinsí. Luaitear í go minic i dteannta lena triúr deirfiúracha, "Badhbh agus Mór-Ríoghain, darbh ainm Anand".[10] Meastar gur trí-bhandia iad triúr (le hainmneacha éagsúla), gaolta le cogadh.[11] Sa Gluais Uí Mhaol Chonaire deirtear gurb í Macha "ar cheann de na trí morrígna", agus gurb é an Mesrad Machae (Measra Mhacha), ná "cinn na fir maraithe". De réir leagan an léimh chéanna in MS H.3.18, deirtear gur Badhbh í Macha, agus iad trís "mná na bhfiach dubh" a spreagann an cath.[12] De réir Chéitinne go dearfa, is "bandéithe" iad,[13] ach bhí sé de nós ag Críostaithe Gaelacha na meánaoise, an Phagánachta réamh-Chriostaí a chosc.

Deirtear gurbh é Balor a mharaigh Macha i rith an chatha in éadan na bhFomhórach.[14][15]

Remove ads

Macha Mong Ruad

Ba í Macha Moing Rua (Sean-Ghaeilge: Mong Ruad), iníon Aodh Rua (Sean-Ghaeilge: Áed Ruad) an t-aon banríon amháin i liosta Ard-Ríthe na hÉireann. Dháil a hathair an Ríogacht idir a cholanna ceathrair Díthorba agus Cimbáeth, seacht mbliana an seal. Agus Aodh marbh, d'éiligh Macha an Ríogacht le teacht arís a shealsa. Dhiúltaigh Díthorba agus Cimbáeth go suífeadh bean ar an ríchathaoir. Bhuaigh Macha sa chath a tharla dá bharr, agus maraíodh Díthorba. Phós sí Cimbáeth, agus roinn siad an Ríocht eatarthu.

Chloígh Macha mic Dhíothorbha tar éis catha eile, agus theith siad go fásach Connacht. Chuaigh Macha féin ar a dtóir, faoi bhréagriocht lobhair. Bhuail sí iad duine ar dhuine agus iad ag iarraidh caidreamh collaí a bheith acu léi. Cheangail agus d'iompair sí iad go hUlaidh. Ba mhian leis na hUltaigh iad a mharú, ach chuir Macha i ndaoirse iad agus chuir iachall orthu Eamhain Mhacha a thógáil mar phríomhchathair nua na nUladh. Tharraing sí na críocha lena heo nó dealg, agus dá bharr sa scéal seo, is é brí le Emaineo muin(éal).[16]

Bhí Macha agus a chéile i réim ar feadh seacht mbliana, go dtí go bhfuair sé bás ag Eamhain Mhacha leis an bplá. Bhí sise féin i réim ar feadh ceithre bliana déag ina dhiaidh, nuair a mharaigh Rechtaid Rígderg í.[17][18]

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

  • Lebor Gabála: le ré Ptolemy I Soter (323–283 RC).[19]
  • Foras Feasa ar Éirinn: 468–461 BC,
  • Annála na gCeithre Máistrí: 661–654 RC.

Scríobh Marie-Louise Sjoestedt fúithi: "In the person of this second Macha we discover a new aspect of the local goddess, that of the warrior and dominator; and this is combined with the sexual aspect in a specific manner which reappears in other myths, the male partner or partners being dominated by the female."[20]

Remove ads

Macha, bhean chéile Chruinniuc

Ba í Macha, iníon Sainrithe mhic Imbaith bean chéile Chrunnchu, feirmeoir Uladh agus baintreach fir. Tháinig Macha chuig a thigh agus gan labhairt, thosaigh sí ag dul i gcion tí. Go gairid, d'éirigh sí torrach.

Fad is a bhí siad le chéile, mhéadaigh maoin Chrunnchu. Agus é ar tí dul chuig feis eagraithe ag rí na nUladh, thug Macha le fios go n-imeodh sí uaidh dá ndéarfadh sé aon ní fúithi, agus gheall sé nach ndéarfadh. Le linn rás na, ámh, mhaígh sé gurbh fhéidir lena bhean rith níos tapúla ná capaill an rí. D'ordaigh an rí go gcoinní Cruinniuc faoi phian bháis, nára mhór dó cur lena fhocal. Cé go raibh sí trom ar pháiste/í, gaireadh Macha chuig an bhfeis agus chuir an rí iachall uirthi rith in éadan na gcapall. Bhuaigh sí an rás, ach ag an deireadh lig sí scread le pian agus cúpla á sheoladh ar an saol aici; buachaill darbh ainm Fír, agus cailín darbh ainm Fial.[21] As sin amach, de réir an scéil seo, ghlaodh áit an tsaolú Eamhain Mhacha (Cúpla Mhacha).[22]

As an drochmheas agus náire seo, chuir sí mallacht ar na hUlaidh feasta go laga iad — chomh thréith le bean seolta — nuair is déine an tólr orthu. Mhairfeadh an laige ar feadh cúig lae, agus an mhallacht naoi nglúin. Míníonn an scéal an fáth nach raibh fir na nUladh, ach amháin an laoch leathdhia Cú Chulainn, in ann seasamh in aghaidh an ionsaí sa Táin Bó Cuailnge.[3] Léiríonn an scéal gurbh fhéidir leis an mbandia Macha bheith díoltasachagus drochmheas léirithe di,[2] agus conas is cúis tubaiste é drochrí mar rialtóir.[23]

Tá an Macha seo gaolta go háirithe le capaill. Is suntasach é b'fhéidir gur rugadh dhá bhromach ag an am gcéanna agus Cú Chulainn, agus go raibh capaill carabaid aige darbh ainm Liath Mhacha. Cuirtear í go minic i gcomórtas le Rhiannon i Miotaseolaíocht na Breataine Bige.[3]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads