Madog ap Maredudd
Rí Powys From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ba é Madog ap Maredudd (Meán-Bhreatnais: Madawg mab Maredud, Madawc mab Maredut; cailleadh sa bhliain 1160 é) an prionsa deireanach de chuid Ríocht Powys sa Bhreatain Bheag.An prionsa deireanach de chuid Ríocht Powys sa Bhreatain Bheag...
Remove ads
Saol
Ba mhac le Maredudd ap Bleddyn agus garmhac le Bleddyn ap Cynfyn é Madog.Tháinig sé i gcomharbacht ar Ríocht Powys, tar éis bhás a athar sa bhliain 1132. Ghlac sé páirt i Cath Lincoln sa bhliain 1141, ag tacú le Iarla Chester, in éineacht le Cadwaladr ap Gruffydd (deartháir le Owain Gwynedd) agus le harm mór Breatnach.
Taifeadadh sa bhliain 1149 gur thug sé Cyfeiliog dá chol cheathracha, Owain Cyfeiliog agus Meurig. Sa bhliain chéanna, athtógadh caisleán Oswestry, dúnfort William Fitzalan.
Remove ads
Briseadh le Gwynedd
Um an dtaca seo, bhí Madog agus Powys faoi bhrú Owain Gwynedd, Rí Gwynedd, cé go raibh Madog pósta le Susanna, deirfiúr Owain. Rinne Madog comhghuaillíocht le Ranulf de Gernon, an 4ú Iarla Chester, ach bhuaigh Owain orthu ag Cath Ewloe sa bhliain 1150 agus ghlac sé seilbh ar thailte Mhadog in Iâl. Nuair a rinne an rí Anraí II Shasana ionradh ar Gwynedd sa bhliain 1157, fuair sé tacaíocht ó Mhadog, a ghlac seilbh ar a chuid tailte arís. De réir dealraimh, chuaigh sé ar fheachtas le hAnraí chuig Toulouse, ach theip orthu. Cailleadh Madog ina dhiaidh sin agus é ag filleadh abhaile, ar an 9 Feabhra, 1160 ag Caisleán Whittington. Adhlacadh é sa séipéal Naomh Tysilio i Meifod, príomh-shéipéal Powys.
Remove ads
Comharbacht
Cailleadh mac ba sine Mhadog, Llywelyn, go gairid tar éis bhás a athar, agus roinneadh Powys i measc mac agus garmhac Mhadog. Níor aontaíodh Powys arís go choíche, agus scaradhh in dhá leath é: Powys Fadog (Powys Íochtarach) agus Powys Wenwynwyn (Powys Uachtarach).
An Mabinogion
Tá an scéal “Brionglóid Rhonabwy” suite le linn réimeas Mhadog. Is é Giolla Madog príomhcharachtar an scéil.
Páistí
- Llywelyn ap Madog
- Gruffydd Maelor
- Owain Brogyntyn
- Gwenllian ferch Madog, phós sí Rhys ap Gruffydd, prionsa Deheubarth
- Marared ferch Madog, phós sí Iorwerth Drwyndwn, agus saolaíodh Llywelyn the Great
- Efa ferch Madog, phós sí Cadwallon ap Madog
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Remove ads
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads