Mainistir Fhear Maí
baile i gContae Chorcaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Baile in Éirinn is ea Mainistir Fhear Maí[1] (Béarla: Fermoy). Tá an baile suite i gContae Chorcaí, ar an Abhainn Mhór.
Remove ads
Cheannaigh an damhsóir agus fear gnó Michael Flatley teach mór i gCarraig an Éidigh,[2] Mainistir Fhear Maí timpeall 1999-2001, "Chaisleán de hÍde" (a tógadh in 1760).[3] D’infheistigh sé 50 milliúin euro ann idir 2001 agus 2017, a mhaígh sé, le hathchóiriú agus athbheochan a dhéanamh air – teach Seoirseach stairiúil é a bhí i ndeireadh na feide nuair a cheannaigh sé é.[4]

Thosaigh Flatley (48 ag an am) ag dul amach leis an damhsóir Niamh O'Brien (32 ag an am) i mí an Meithimh 2006. Reáchtáladh an bhainis ar an 14 Deireadh Fómhair 2006 san Eaglais Naomh Pádraig, Mainistir Fhear Maí.
Rinne Flatley iarrachtaí a theach a dhíol ó 2015 ar aghaidh.[5] Cé gur laghdaíodh an praghas ina dhiaidh sin, níor díoladh é.[6]
Bhí fadhbanna tromchúiseacha ag Flatley lena theach sna 2020idí. Mhaígh sé go raibh truailliú ceimiceach ann. Dúirt sé go raibh a chroí briste go caitheadh sé "cónaí in óstáin" nuair a bhíonn sé in Éirinn. Ach bhí air iasacht €6.9 milliún a íoc ar ais chun an teach a choinneáil ó ghlacadóirí. Chuir Flatley an dlí a chur ar Austin Newport Group agus árachóirí i leith damáistí suntasacha, €30 milliún.[7]
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads