Mairead McGuinness
polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Polaiteoir Éireannach agus iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa is ea Máiréad Nic Aonasa nó Mairead McGuinness (a rugadh ar an 13 Meitheamh 1959 i nDroichead Átha). Tá sí ina ball d'Fhine Gael, páirtí atá ina bhall de Pháirtí an Phobail Eorpaigh.
Remove ads
Bhain sí céim amach sa Gheilleagar Talmhaíochta (COBÁC, 1980) agus Diploma i gCuntasaíocht agus Airgeadas (1984).
Bhí gairm bheatha aici sna meáin cumarsáide. Bhí sí ina iriseoir agus láithreoir teilifíse sna 1980idí–1990idí, ag obair ar an “Late Late Show”, “Ear to the Ground”, agus mar eagarthóir ar bhreisleabhair talmhaíochta san “Irish Independent” agus “Irish Farmers’ Journal”.
Toghadh í chun Pharlaimint na hEorpa den chéad uair in 2002. Feisire Eorpach ba ea McGuinness, ar dtús mar Ionadaí don Toghcheantar An tOirthear[1] (2004–2014) agus ina dhiaidh sin do Iarthuaisceart-Lár na Tíre (2014–2020).
Bhí sí ina Céad-LeasUachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa (1 Iúil 2014 - Deireadh Fómhair 2020).[2][3] Ba ea McGuinness an chéad duine a bhí tofa i dtoghcháin na hEorpa 2019 in Éirinn agus 134,630 vóta céadrogha aici i dtoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt.[4]
Ainmníodh í mar Choimisinéir Eorpach in 2020 (in áit Phil Hogan) agus mar chúraimí aici, Seirbhísí Airgeadais, Cobhsaíocht Airgeadais agus Margaí Caipitil an Aontais Eorpaigh.[5]
Remove ads
Fuair sí ainmniúchán Fhine Gael mar iarrthóir don Uachtaránacht i mí Iúil 2025. Bhí sí luaite leis an ainmniúchán le fada. Níor toghadh iarrthóir de chuid Fhine Gael ina uachtarán ar an tír riamh cheana.
Tá McGuinness pósta le Tom Duff, feirmeoir caorach, agus tá ceathrar páiste acu.
Níl Gaeilge líofa aici.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads