Maximilien Robespierre

From Wikipedia, the free encyclopedia

Maximilien Robespierre
Remove ads

Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 175828 Iúil 1794).

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794.

Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.

Remove ads

Saol

Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.[1]

Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina abhcóide nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, Arras. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina bhreitheamh le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.

Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.

Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.

Bású

Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads