Michael Jordan

cispheileadóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Michael Jordan
Remove ads

Is é Michael Jordan,MJ, an t-imreoir cispheile is fearr riamh (de réir an NBA in 2023 ar aon nós); bhuaigh sé 6 chomórtas leis an bhfoireann Chicago Bulls.[1] Rugadh é i mBrooklyn, Nua-Eabhrac sa bhliain 1963.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Gairm

Bhog an teaghlach go Carolina Thuaidh nuair a bhí sé ina ghasúr óg. Bhuaigh sé scoláireacht cispheile go hOllscoil North Carolina.

Sa bhliain 1984 bhuaigh sé "Imreoir Choláiste Naismith na Bliana". Is ansin a thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls. D'imir sé chun tosaigh sa chluiche cispheile don chuid is mó mar go bhfuil sé iontach ard (198cm).[2]

Sa bhliain 1993 d'éirigh sé as an gcispheil nuair a maraíodh a athair agus thosaigh sé ag imirt daorchluiche.

Ach níor fhan sé ar shiúl ón gcispheil i bhfad agus thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls arís ar an 18 Márta 1995. Sa bhliain 1996 shínigh sé conradh $30 milliúin leo. D'imir sé a chluiche dheireanach sa bhliain 2003.

Remove ads

Ar scor

Ar scor, d'éirigh MJ ina fhear gnó.[3] Is fiú b'fhéidir $1,700 milliún a mhaoin phearsanta in 2023.[4] Agus é 60 bliain d’aois, thug sé $10 milliún don charthanacht Make a Wish. Is í seo an tsuim airgid is mó a fuair an charthanacht ó dhuine amháin riamh. Le linn na paindéime COVID, thug MJ dhá mhilliún dollar do charthanacht eile, Feeding America.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads