Michael Phelps
snámhóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is snámhóir Meiriceánach é Michael Fred Phelps (a rugadh ar 30 Meitheamh, 1985 i mBaltimore, Maryland).
Bhuaigh Phelps ocht mbonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i mBéising sa bhliain 2008. Sháraigh sé curiarracht Mark Spitz, snámhóir Meiriceánach eile, a bhuaigh seacht mbonn óir i München sa bhliain 1972. Fuair Phelps cúig bhonn i gcomórtais aonair agus trí cinn eile i rásaí sealaíochta.

Fuair Phelps sé bhonn óir agus dhá bhonn cré-umha san Cluichí Oilimpeacha san Aithin sa bhliain 2004.

Remove ads
Meastar go bhfuil rath ar an snámh ag Phelps toisc gnéithe éagsúla dá chorp a bheith as an ngnáth. Ceann acu seo ná go bhfuil réise láimhe níos faide ná an gnáth aige, agus í geall le 8cm níos faide ná a airde.[1]
Gné eile a deirtear a chuidigh le rath Michael Phelps sa snámh ab ea a cholainn atá níos faide ná an gnáth agus go bhfuil a chosa ábhairín gearr.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads