Micheál Ó Maolallaí

aisteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Micheál Ó Maolallaí
Remove ads

Aisteoir Éireannach a bhí i Micheál Ó Maolallaí[1] (Béarla: Michael "Mick" Lally) a rugadh i Mí na Samhna 1945, agus a d'éag 31 Lúnasa 2010.[2][3]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Rugadh é i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Mhuire, i Gaillimh. Chuaigh sé leis an múinteoireacht ar dtús ach d'éirigh sé as a phost chun bheith ina aisteoir.

Réaltaigh sé sa dráma Translations le Brian Friel sa bhliain 1980 i gContae Dhoire nuair a bhí sé ina bhall den Chomhlacht Drámaíochta Field Day, bunaithe ag Brian Friel agus Stephen Rae. Bhí baint aige leis an "Compántas Amharclannaíochta an Druid" freisin.

Fuair sé ról Miley Byrne sa sobal-dráma Glenroe, ag leanúint ar aghaidh leis an gcarachtar a bhí aige i Bracken ar RTÉ sa bhliain 1978. D'éirigh go maith lena amhrán The By-Road to Glenroe sa bhliain 1990. Bhí obair déanta aige ar theilifís Éireannach agus scannáin freisin.

Fuair sé bás ar an 31 Lúnasa 2010.[3]

Remove ads

Saothair aisteoireachta

  • Rún Cheanannais Mhóir (2009)
  • Bua (2007)
  • Alexander (2004)
  • Ballykissangel (2001)
  • Circle of Friends (1995)
  • A Man of No Importance (1994)
  • Misteach Baile Ath Cliath (1994)
  • The Irish R.M. (1983)
  • Glenroe (1983)
  • The Ballroom of Romance (1982)
  • Strumpet City (1980)
  • Poitín (1978)
  • Bracken (1978)

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads