Mikhail Kalashnikov
leifteanant-ghinearál in arm an Aontais Shóivéadaigh From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Leifteanant-ghinearál in arm an Aontais Shóivéadaigh ba ea Mikhail Kalashnikov (10 Samhain 1919 – 23 Nollaig 2013). Dhear sé an raidhfil ionsaithe, an AK-47, siar sa bhliain 1945. Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.[1]


Remove ads
“Cuireann daoine ceist orm go minic an mothaím ciontach mar gheall ar an fhulaingt daonna a dhéantar in ionsaithe leis an AK-47. Insím dóibh gur dhear mé an gunna chun Máthairthír na Rúise a chosaint óna namhaid. Dar ndóigh, bíonn brón agus frustrachas orm nuair a fheicim coimheascair armtha agus m’arm á úsáid ar mhaithe le cogaí creachóireacha agus ar mhaithe le cuspóirí sceimhlitheoireachta agus coiriúlachta. Ach ní hiad na dearthóirí a chaithfeas freagracht a ghlacadh as cá háit a gcríochnaíonn siad suas; is iad na rialtais a chaithfeas smacht a choinneáil ar a dtairgeadh agus ar a n-easpórtáil.”[1]

Fuair Kalashnikov bás in 2013 agus é 94 bliana d’aois.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads