Mireille Mathieu

amhránaí Francach From Wikipedia, the free encyclopedia

Mireille Mathieu
Remove ads

Is amhránaí Francach í Mireille Mathieu (fuaimniú Fraincise: [miʁɛj matjø]; rugadh í ar an 22 Iúil 1946). Tá os cionn 1,200 amhrán taifeadta aici in aon teanga déag, agus tá níos mó ná 122 milliún céirnín díolta aici ar fud an domhain.

Remove ads
Remove ads

Luathbhlianta

Rugadh Mireille Mathieu ar an 22ú Iúil 1946 in Avignon na Fraince, an iníon ba shine de theaghlach ina raibh ceithre pháiste déag. Rugadh an deartháir ba óige tar éis di bogadh go Páras. Ba as Avignon ó dhúchas é a hathair Roger agus a chlann, agus ba as Dunkerque a máthair Marcelle-Sophie (née Poirier). Chuaigh a máthair go dtí Avignon sa bhliain 1944 mar dhídeanaí ón Dara Cogadh Domhanda tar éis dá seanmháthair bás a fháil, agus chuaigh a máthair ar iarraidh. Reáchtáil Roger, in éineacht lena athair Arcade, siopa saor cloiche an teaghlaigh díreach taobh amuigh de phríomhgheata reilig Saint-Véran. Ba shaoir chloiche iad muintir Mathieu le ceithre ghlúin anuas. Sa lá atá inniu ann, is é Pompes Funèbres Mathieu-Mardoyan an t-ainm ar an siopa, agus tá sé faoi stiúir teaghlach a deirfiúr Réjane.[1] [2] [3]

Remove ads

Tagairtí

Loading content...
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads