Néaltrú

From Wikipedia, the free encyclopedia

Néaltrú
Remove ads

Meath ar chumas intleachtach mar thoradh ar athruithe i bhfeidhmiú na hinchinne is ea néaltrú, agus leis sin laguithe in ábaltacht shóisialta is ceirde[1].

Thumb
Inchinn gan néaltrú agus Galar Alzheimer
Fíricí Gasta Cineál, Speisialtacht leighis ...
Remove ads

Airíonna

Tugtar néaltrú ar mheath forchéimnitheach na hintinne agus na cognaíochta faoi thionchar damáiste inchinne nó galar atá ag oibriú ar an inchinn, go háirithe meath atá chomh dona is nach féidir a rá gurb í an aois mhór amháin is cúis leis.

Thumb

De ghnáth, tarlaíonn néaltrú de bharr galar ceirbreasoithíoch agus an phróiseas aoisithe, ina scriostar cealla san inchinn is a laghdaítear toirt na hinchinne de réir a chéile. I measc na n-airíonna tarlaíonn

  • cailliúint cuimhne,
  • athruithe sa phearsantacht,
  • laguithe tuisceana, agus
  • smacht lag ar iompar taghdach.

Cailleann duine a threo maidir le ham is ionad, agus teipeann air a chairde is a chlann a aithint.

Thumb
Scanadh PET Galar Alzheimer
Remove ads

Téarmaíocht

I nGaeilge na Gaeltachta, deirtear faoi sheanduine a bhfuil an néaltrú ag teacht air go bhfuil sé ag dul sa dara leanbaíocht, in aois na hóige, i leanbaíocht na haoise nó i leanbaíocht na seanaoise.

Sochaí

Bíonn faitíos go minic ar dhaoine roimh dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, agus gur cuid é sin den chúis go ndéantar dearmad agus leatrom ar na daoine sin: an rud nach bhfeicimid toisc go bhfuil siad curtha in ionad cúraim againn, ní chránn siad muid, mar shochaí.[2]

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads