Nan Ghriallais

amhránaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Nan Ghriallais
Remove ads

Amhránaí ar an seannós ab ea Nan Ghriallais, Áine bean Uí Fhátharta (2 Aibreán 1936 - 19 Samhain 2018).[1][2] agus duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann.[3][4]

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Is í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973.[5] Bhain beirt deirfiúracha léi Corn Uí Riada chomh maith, Sarah agus Nora.

Thumb
Corn Uí Riada
Remove ads

Beatha

Rugadh Áine, nó Nan mar ba mhó a thugtaí uirthi, sa mbaile ar an 2 Aibreán 1936, Tógadh í i Muiceanach Idir Dhá Sháile, ar dhuine den dáréag clainne a bhí i dteaghlach ceolmhar mhuintir Ghriallais, a bhfuil a gcáil i bhfad is i ngearr as a gcumas fonnadóireachta. Bhí Nan ar an tríú duine clainne. agus oileadh í ar Scoil Náisiúnta Leitir Mucú. Bhuaigh sí an chéad duais i gcomórtas de chuid na feise agus gan í ach aon bhliain déag d’aois.

Mar a rinne a lán dá haois thug Nan a haghaidh ar Bhoston Mheiriceá sa bhliain 1952. Chaith sí roinnt blianta ann, ag déanamh obair tí den chuid is mó. Phós sí Seán Ó Fátharta (Seán an Fhátharta) as an Tuairín sa mbliain 1960 i mBostún.

In 1964 d'fhill sí ar Chonamara a dúchais, ar Mhuiceanach. Fuair sí post i dtús na seachtóidí leis an stáisiún nua Raidió na Gaeltachta, ag obair sa chistin. Thug sí fiche bliain ag obair ansin ó 1972 go 1992, nuair a chuaigh sí ar scor.

Aitheantas a bhí san onóir sin don mháistreacht agus an mhuinín as an ngnáth a bhí ag Nan as an amhrán agus as a dúchas ceoil féin agus an t-anam agus an nádúr a bhí ina cuid fonnadóireachta.

D’éag 19 Samhain 2018, tar éis a bheith tinn le tamaill anuas.[6]

I mí na Márta 2019 a bhásaigh a deirfiúr Nora Ghriallais, amhránaí cumasach eile, agus an t-aon bhean riamh a bhuaigh Corn Uí Riada trí huaire.[7] Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life na bliana 2019 ar Nan, ar Nóra agus ar Sarah in éindí mar gheall ar an saibhriú a rinneadar ar an amhránaíocht ar an sean-nós.[2]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads