Nikolai Rimsky-Korsakov

cumadóir Rúiseach From Wikipedia, the free encyclopedia

Nikolai Rimsky-Korsakov
Remove ads

Cumadóir ceoil ab ea Nikolai Andreyevich Rimsky-Korsakov (Rúisis: Николай Андреевич Римский-Корсаков, Nikolaj Andreevič Rimskij-Korsakov, freisin Nikolay, Nicolai, agus Rimsky-Korsakoff, rugadh Tikhvin, in aice le Novgorod, 18 Márta 1844; d'éag Lybensk, in aice le St Petersburg, 21 Meitheamh 1908). Ba é duine de na cumadóirí ceoil ba chlúití lena linn agus bhí tionchar aige ar chuid mhaith cumadóirí. Bhain sé an chlú is mó amach dá chuid ceoldrámaí agus amhráin. Ba bhreá leis bheith ag scríobh ceol bunaithe ar an mbéaloideas agus seanscéalta a mhuintir. Bhí saol thar a bheith torthúil aige. Ag pointe amháin bhí sé mar mhúinteoir ag Sergei Prokofiev.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Ceann de na píosaí is cáiliúla dár scríobh sé ná Sheherazade, scéal an bhean úd i Míle Oíche agus Oíche. Píosa eile leis atá aitheanta go forleathan ná The Flight of the Bumble Bee (Eitilt na Beiche).

Remove ads

Ceoldrámaí

Cé go bhfuil aithne níos fearr ag Rimsky-Korsakov san Iarthar ar a chuid saothar ceolfhoirne, tá a chuid ceoldrámaí níos casta, ag tairiscint éagsúlacht níos leithne d’éifeachtaí ceolfhoirne ná mar atá ina shaothair uirlise agus a scríbhneoireacht ghutha bhreá.[1]

Tuilleadh eolais Samplaí ceoil ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads