Nimh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ábhar ceimiceach is ea nimh,[1] atá dochrach don cholainn má ionghabhtar, ionanálaítear nó instealltar é. Is féidir go dtarlóidh an damáiste ar bhealaí éagsúla, go díreach ainsealach nó de réir a chéile thar am le nochtadh arís is arís eile.

Is féidir gur ábhar saorga í, dúil nádúrtha, nó ábhar orgánach a dhíorthaítear ó bhaictéar, ainmhí nó planda.
Cuid mhaith drugaí atá teiripeach sna dáileoga cearta, is nimhiúil iad i ndáileoga iomarcacha. Samplaí is ea aonocsaíd charbóin (a chuireann bac ar iompar ocsaigine ag an bhfuil má ionanálaítear í), ciainíd, stricnín is arsanaic (a úsáideadh ó am go chéile go fealltach), paraicéiteamól (a dhéanann damáiste don ae le dáileoga iomarcacha), agus luaidhe (a dhéanann damáistí éagsúla do pháistí nuair a fhulaingíonn siad nochtadh fadaithe).[2]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads