Orson Welles

aisteoir agus scannánóir Meiriceánach (1915–1985) From Wikipedia, the free encyclopedia

Orson Welles
Remove ads

Ba aisteoir agus stiúrthóir Meiriceánach é Orson Welles (6 Bealtaine 1915 - 10 Deireadh Fómhair 1985), ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ab fhearr a bhí ariamh ann.[1] Ceaptar nach bhfuil sárú an scannáin “Citizen Kane le fáil. Ní raibh sé ach cúig bhliana fichead d’aois nuair a rinne sé é sin.

Thumb
19 Feabhra 1926, sa nuachtán Capital Times (Madison, Wisconsin)
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol óg

Dílleachta a bhí in Welles. Cailleadh a athair an bhliain roimhe sin agus cailleadh a mháthair sé bliana roimhe sin arís nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois.

Thumb
Welles in Éirinn i 1931

Welles in Éirinn

Bhí eolas maith ag Welles ar Éirinn.[2] Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a tháinig sé go Gaillimh ar bord an SS Baltic i mí Lúnasa 1931. Bhuail sé isteach chuig an Taibhdhearc agus is cosúil gur casadh an t-aisteoir agus an léiritheoir Mícheál Mac Liammóir leis.

Chaith Welles seal an-ghearr ag staidéar i gColáiste na Tríonóide. Bhuail sé arís le Mícheál Mac Liammóir agus chas sé le Hilton Edwards. D'iarr Welles páirt i ndráma orthu. Fuair sé é agus chuaigh sé ar an stáitse in Amharclann an Gheata ar an 13 Deireadh Fómhair 1931.

Remove ads

Bás

Fear a bhfuil otracht ghalrach ag dul di, bhí Welles ina aonar sa bhaile ar an 10 Deireadh Fómhair 1985 nuair a bhuail taom croí é ar feadh na hoíche, gan ach 70 bliain slánaithe aige.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads