Paul L. Modrich
bithcheimiceoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bithcheimiceoir Meiriceánach is ea Paul Lawrence Modrich (13 Meitheamh, 1946 ) agus ina Ollamh James B. Duke le Bithcheimic in Ollscoil Duke agus ina Imscrúdaitheoir in Institiúid Leighis Howard Hughes. Tá cáil air mar gheall ar an taighde a rinne sé ar dheisiú mí-oiriúnaithe ADN. [1] Bhain Modrich Duais Nobel na Ceimice 2015 amach, i gcomhpháirt le Aziz Sancar agus Tomas Lindahl. [2] [3]
Remove ads
Remove ads
Luathshaol agus oideachas
Rugadh Modrich ar 13 Meitheamh, 1946, i Raton, Nua-Mheicsiceo do Laurence Modrich agus Margaret McTurk. Tá deartháir níos óige aige Dave. Bhí a athair ina mhúinteoir bitheolaíochta agus ina chóitseálaí don chispheil, don pheil agus don leadóg in Ardscoil Raton mar ar bhain sé céim amach i 1964. [4] Is de bhunadh Crótach, Montainéagróch, Gearmánach agus Albanach (Gaelach) [5] é Modrich. Is dócha gur as sráidbhaile beag Modrići in aice le Zadar athair a athar, [6] agus a sheanmháthair de shliocht Montainéagróch, ar de bhunadh na Cróite é, agus chuaigh an bheirt ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe ón gCróit cois cósta ag deireadh an 19ú haois. [7] [8] Is de shliocht mheasctha Gearmánach agus Albanach-Éireannach é teaghlach a mháthar. [7] Phós Modrich comh-eolaí Vickers Burdett sa bhliain 1980. [9]
,Bhain Modrich amach céim B.S. ó Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts i 1968 agus ina dhiaidh sin céim Ph.D. ó Ollscoil Stanford i 1973. Lean sé ar aghaidh lena thaighde mar phostdoc i Lean sé dá thaighde iardhochtúireachta i saotharlann Charles C. Richardson i Scoil Leighis Harvard ar feadh bliana (1973-1974).
Remove ads
Taighde
Rinneadh ollamh cúnta de Modrich i roinn cheimice Ollscoil California, Berkeley sa bhliain 1974. Thosaigh sé le dámh Ollscoil Duke i 1976 agus tá sé ina Imscrúdaitheoir Howard Hughes ó 1995 i leith. Oibríonn sé go príomha ar dheisiú mí-oiriúnaithe faoi threoir ribe. Léirigh a shaotharlann conas a fheidhmíonn mí-oiriúnaithe ADN mar chóipeagarthóir chun earráidí ó pholaiméaráis ADN a chosc. Tá imscrúdú déanta ag Meselson ar dheisiú ADN i gcealla agus ar an gcaoi a n-aithníonn agus a scriosann cealla ADN coimhthíoch, agus, le Werner Arber, bhí sé freagrach as teacht ar einsímí gearrtha. Rinne Modrich turgnaimh bhithcheimiceacha chun staidéar a dhéanamh ar dheisiú mí-oiriúnaithe in E. coli . [10] Ina dhiaidh sin chuardaigh sé próitéiní a bhain le deisiú mí-oiriúnaithe i ndaoine. [1]
Remove ads
Onóracha agus dámhachtainí
I measc na n-onóracha agus na ndámhachtainí a fuair Modrich tá:
- 1983: Gradam Pfizer sa Cheimic Einsím
- 1996: Duais General Motors Charles S. Mott i dTaighde Ailse
- 1998: Duais Taighde Leighis Fondúireacht Robert J. agus Claire Pasarow do thaighde ailse
- 2000 Bonn Feodor Lynen
- 2005: Bonn Onóra Chumann Ailse Mheiriceá
- 2015: Duais Nobel sa Cheimic
- 2016: Duais Gnóthachtála Saoil Arthur Kornberg agus Paul Berg sna hEolaíochtaí Bithleighis
Is comhalta é Modrich d' Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá agus ball d' Acadamh Náisiúnta an Leighis agus d' Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí .
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads