Paul Morphy

imreoir fichille Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Paul Morphy
Remove ads

Imreoir fichille Meiriceánach ab ea Paul Charles Morphy (22 Meitheamh, 1837 – 10 Iúil, 1884), a bhí gníomhach sula raibh craobh domhanda fichille ann, ach aithníodh go forleathan gurbh é an máistir fichille ba mhó dá ré. Bhuaigh sé an chéad "American Chess Congress" i 1857, agus fuair sé an lámh in uachtar ar gach comhraic go héasca. Thaistil Morphy ansin go Sasana agus go dtí an Fhrainc chun dúshlán a thabhairt do phríomhimreoirí na hEorpa. D'imir sé cluichí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta le formhór na bpríomhimreoirí Sasanacha agus Francacha, agus imreoirí mó le rá ó thíortha eile, Adolf Anderssen na Gearmáine go áirithe. Bhuaigh sé gach cluiche arís le farasbarr suntasach. D'fhill sé ansin ar na Stáit Aontaithe, agus roimh i bhfad d'fhág sé ficheall ina dhiaidh. B'iontas fichille é, agus aontaítear go ginearálta go raibh Morphy i bhfad chun cinn ar a linn féin, cé go bhfuil easaontas ann faoin conas ba chóir a chuid imeartha a chur i gcomparáid le himreoirí an 20ú haois.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads