Peter Fitzpatrick
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is iar-pholaiteoir Éireannach, iarimreoir agus bainisteoir CLG le Contae Lú é Peter Fitzpatrick (nó Peadar Mac Giolla Phádraig as Gaeilge). Bhí sé ina bhall de Fhine Gael.

Remove ads
Gairm
Duine aitheanta i gCo Lú ab ea Peter Fitzpatrick sular toghadh riamh é agus chaith sé beagnach trí bliana ina bhainisteoir ar fhoireann peile shinsearach na bhfear idir 2009 agus 2012.[1]
Toghadh Peter Fitzpatrick chun na Dála den chéad uair in 2011, agus an athuair in 2016, nuair a bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.
D'éirigh sé as Fine Gael in 2018, áfach, mar gheall ar pholasaí an pháirtí sin faoin nginmhilleadh agus faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht go háirithe.
Toghadh é mar Theachta Dála Neamhspleách san olltoghchán in 2020.
I mí Lúnasa 2024, bhí sé fógartha ag Fitzpatrick nach mbeadh sé ag dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. I ráiteas, dúirt sé go raibh sé bródúil as a chuid iarrachtaí sochaí níos trócairí a chruthú agus luaigh sé go sonrach a fheachtas in aghaidh an ghinmhillte.[1]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads