Pinsean
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Suim airgid rialta a íoctar le duine, tar éis éirí as obair dó (go hiondúil), is ea pinsean.[1]


Stair
In Éirinn fadó, i nDlíthe na mBreithiúna ársa, bhí sé mar dhualgas ar an teaghlach cabhair a thabhairt le daoine a bhí sean, caoch, bodhar, tinn nó ar mire.[2]
Sa 19ú haois san Eoraip, nuair a chuir Seansailéir na Gearmáine Otto Von Bismarck tús leis an gcéad phinsean stáit sa mbliain 1889, ceapadh go mba mhaith an rud é go mbeadh cúnamh stáit ann don chréatúr a bhí tar éis dul ar scor ón obair (ag aois 70) agus go mb’fhéidir go raibh roinnt míonna nó roinnt blianta fágtha aige ar an saol seo. Le linn ré Bismarck, ba bheag duine a shroich aois an phinsin (ba é an gnáthfhad saoil a bhí ag Gearmánach ag an am ná 45 bliain).[3]
Sa lá inniu tá daoine ag tarraingt an phinsin ar feadh scór bliain go minic.Faoi láthair, is é 81 bliain meánfhad saoil duine sa nGearmáin. Agus éiríonn an Gearmánach sin as an obair ag aois a 62, ar meán.[3]
Remove ads
Cineáil Pinsean
Pinsean stáit
In Éireann tosaíonn an pinsean stáit ag aois 66.[4]
Scéim pinsin ceirde
Is féidir le fostóir, nó an fostaithe, nó an bheirt acu, airgead a chur isteach i scéim pinsin ceirde.
Pinsin in Éirinn
Léiríonn na figiúirí síneadh nach beag ar mheánfhad saoil mhuintir na hÉireann fiú amháin sa 21ú haois.[5][6][7]
In 2022, mhol coimisiún pinsin a raibh iarchathaoirleach na gcoimisinéirí ioncaim Josephine Feehily i gceannas air ardú de réir a chéile ar aois an phinsin go dtí 67 in 2031 agus go dtí 68 in 2039.[8] Ach tamall ina dhiaidh, mhol coiste uilepháirtí nach n-ardófaí aois an phinsin (66 faoi láthair) in aon chor.[7]
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads