Éimin

From Wikipedia, the free encyclopedia

Éimin
Remove ads

Tír Arabach is ea Éimin, atá lonnaithe sa Mheánoirthear in iardheisceart na hÁise. Tá teorainn aici leis an Araib Shádach thuas agus Óman thoir. Is é Sanaa an phríomhchathair.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Corraíl shibhialta

Lárionad sceimhlitheoireachta Ioslamacha is ea Éimin ó na 1990idí ar aghaidh. Mar shampla, sa bhliain 2015, mhaígh Al Qaeda i Éimin gurb iad a bhí taobh thiar de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí na hirise, Charlie Hebdo i bPáras na Fraince.[1]

In Éimin, is minic a choinnítear cailíní sa bhaile mar gheall ar imní i dtaobh sábháilteachta.[2]

Cogadh Cathartha in Éimin, 2014 - inniu

Thosaigh seach-chogadh in Éimin i ndeireadh na bliana 2014.[3] Chuaigh cúrsaí ó smacht agus an teannas idir an Araib Shádach (agus a comhghuaillithe cumhachtacha, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe go háirithe) agus an Iaráin (agus na réabhlóidithe Houthi) ag géarú.

D'éirigh an choimhlint go gasta 'an ghéarchéim daonna is measa ar domhan', de réir na Náisiúin Aontaithe.[4]

Idir 2014 agus 2021, fuair timpeall 277,000 bás, de réir Clár um Fhorbairt na Náisiúin Aontaithe (154,000 de bharr na cogaíochta; básanna indíreacha, an gorta go háirithe,[5] 233,000).[6][7][8] Is ar na leanaí is measa a thiteann an choimhlint.

Tá an chomhghuaillíocht freagrach as an gcuid is mó de na básanna. Agus le linn na 2010idí, bhí an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an dá thír a dhíol an líon is mó d’airm leis an Araib Shádach.[9] Bhí siad ag armáil agus ag tacú le taobh amháin agus bhí gasúir ag fáil bháis chuile lá agus ní raibh suim dá laghad ag an domhan mór é sin a chur amach ar na leathanaigh nuachta.[10]

Remove ads

Géarchéim na Mara Rua, 2023-

Sa Mhuir Rua, lean reibiliúnaithe Houthi Éimin lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.[11]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads