An Araib Shádach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is tír sa Mheánoirthear í an Araib Shádach, an tír is mó sa réigiún sin. Is ríocht í, agus tír naofa í in Ioslam.
Remove ads
Déimeagrafaic
Bhí tuairim is 32 milliún duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2022. De réir Daonáireamh 2022, bhí thart ar 14 milliún neamhnáisiúnach ina gcónaí sa tír, nó 44% den daonra iomlán.[1]
Is í Riyadh an phríomhchathair agus an chathair is mó.
Stair agus polaitíocht
Bhunaigh Muhammad ibn Abd al-Wahhab an ghluaiseacht Wahhabachas sa 18ú haois.
Ar an 8 Eanáir 1926, d'éirigh Ibn Saud,[2][3] Sultán de chuid Nejd, ina rí ar Ríocht Hejaz .[4]
Ar an 20 Bealtaine 1927, síníodh an conradh Jeddah, agus d'aithin an Ríocht Aontaithe an Rí Ibn Saud agus na ríochtaí Hejaz and Nejd.
D'oscail an t-aitheantas seo an bealach chuig Ríocht na hAraibe Sádaí a chruthú. Fograíodh neamspleáchas na hAraibe Sádaí ar an 23 Meán Fómhair 1932.[5]
Ba é Ibn Saud rí na hAraibe Sádaí go dtí lá a bháis in 1953.
Ba é Abdullah bin Abdulaziz al-Saud rí na hAraibe Sádaí ó 1 Lúnasa 2005 go dtí a bhás, ar 22 Eanáir 2015 (bhí sé nócha bliain d’aois ag an am sin).[6]
Is é a dheartháir óg, Salman bin Abdulaziz Al Saud a chomharba, agus ina rí ar an tír ó 2015.[7] Ach 'sé Mohammed bin Salman (a rugadh ar 31 Lúnasa 1985) i gceannas ar an tír i ndáiríre.
Remove ads
Geilleagar
Díolann Ríocht na hAraibe Sádaí níos mó ola ná aon tír eile.[8]
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads