Richard Wright

pianódóir agus seinnteoir méarchláir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Richard Wright
Remove ads

Pianódóir agus seinnteoir méarchláir Sasanach a bhí i Richard William "Rick" Wright (28 Iúil 1943 - 15 Meán Fómhair 2008), ar a bhfuil cáil dhomhanda mar gheall ar an tréimhse fhada a chaith sé ag seinm leis an mbanna mór le lá Pink Floyd.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Cé nach raibh sé chomh gníomhaí mar chumadóir is a bhí Syd Barrett, Roger Waters agus David Gilmour, chum sé cuid mhór den cheol ar na halbaim mhóra Meddle, Dark Side of the Moon, Wish You Were Here, agus chomh maith le sin The Division Bell, ceirnín deireanach an bhanna.

Ba chomhábhar bunúsach é obair mhéarchláir Wright i bhfuaim an bhanna, agus chuir sé a ghuth le hamhráin uaireanta chomh maith, beo ar an stáitse agus sa stiúideo, mar atá le cloisteáil ar na rianta "Time", "Echoes" agus "Astronomy Domine", a bhí cumtha ag Syd Barrett.

Cuireadh Wright as Pink Floyd sa bhliain 1981, nuair a bhíodar ag obair ar The Wall, tar éis fadhbanna ina shaol pearsanta agus teannas idir é féin agus Roger Waters, príomhchumadóir an bhanna ag an am.

Thumb
2006

Tháinig Wright ar ais níos déanaí, nuair a d'fhág Waters féin, agus chuir sé tús le tréimhse nua rathúil ag comhoibriú le David Gilmour ar cheirníní nua de chuid Pink Floyd, The Division Bell ina measc. Ina dhiaidh sin, lean sé ag seinm le Gilmour ar saothar aonair an ghiotáraí idir 2002 agus a bhás.

Bás

Trom ar an tobac, tháinig ailse scamhóg air. Fuair sé bás ar an 15 Meán Fómhair 2008, agus trí scór is cúig bliana bainte amach aige.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads