Rithim
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Patrún ina dtarlaíonn eilimintí go tréimhsiúil. Faightear a leithéid in urlabhra, ceol, damhsa is foirmeacha eile iompair, agus níos ginearálta, in athruithe timthriallacha an nádúir (na séasúir, mar shampla).

San urlabhra, is léir go mbíonn rithim sna patrúin mheadaracha i bhfilíocht.
Sa cheol, baineann sí le meadaracht, faid na nótaí is aiceann, ach ní bhaineann le hairde. Deirtear go bhfuil ceol láidir rithimiúil nuair a leagtar béim láidir ar an mbuille bunúsach (mar a dhéantar in an-chuid popcheoil) nó a athsheinntear patrún rithimiúil go seasmhach (mar a dhéantar i ‘Mars’ i The Planets (Na Pláinéid) de chuid Holst). Ach braitheann fíneáleacht rithimiúil sa cheol ar imoibriú an bhuille bhunaithe is na n-aiceann séiseach nó armónach a chuireann isteach air, nó idir dhá rithim éagsúla rithimiúla (crosrithim).[1]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads