Rocal

From Wikipedia, the free encyclopedia

Rocal
Remove ads

Is oileán beag san Aigéan Atlantach Thuaidh é RocalRocabarraigh. Carraig mhór atá ann agus é ina shesamh breis is 50 troigh ar airde. Níl éinne ina chónaí air. Tá úinéireacht na carraige faoi chaibidil idir Phoblacht na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe.

Fíricí Gasta Cineál, Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil ...

De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhlí na Farraige (UNCLOS), maidir leis na cineálacha carraige seo, ní féidir limistéar eisiach eacnamaíochta ná scairbh ilchríochach a bheith acu.[1]

Táis féideartha gur tháinig a ainm ón bhfocal "racálach", comhchiallach mar turscar, nó as Gaeilge na hAlban, "rocail", leis an brí "búirí".

Tugadh faoi deara breis agus fiche cineál d’éan mara timpeall na carraige, ganéid, fulmairí, foracha agus saidhbhéir ina measc. Ní fhanann aon neach ar an gcarraig don bhliain ar fad, ach amháin na faochain agus moilisc eile.

Remove ads

Stair

Ar an 28 Meitheamh 1904, cailleadh 635 duine nuair a chuaigh an SS Norge, línéir Danmhargach, go tóin na farraige in aice le Rocal.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads