Rockwell Kent

ealaíontóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Rockwell Kent
Remove ads

Ba phéintéir, déantóir priontaí, maisitheoir, scríbhneoir, mairnéalach, eachtránaí agus taiscéalaí Meiriceánach é Rockwell Kent (21 Meitheamh, 1882 – 13 Márta, 1971). Bhí sé ar dhuine d'ealaíontóirí móra Mheiriceá lena linn. Bhí an-ghrá aige don uaigneas agus do chríocha an tsneachta. Chaith sé seal in Tierra del Fuego, in Alasca, sa Ghraonlainn, in Monhegon (Maine), agus i nGleann Cholm Cille. Scríobh sé tuairiscí ar a chuid taistil - Wilderness, N by E, Voyaging, agus Salamina. Chuir sé léaráidí agus líníocht le cuid de shaothair mhóra liteartha an Bhéarla, Shakespeare agus Chaucer, le Moby Dick le Herman Melville, sin agus le Faust le Goethe. Is sóisialach dílis a bhí ann ó thaobh na polaitíochta de, rud a thug air a dhul go Moscó áit a raibh an-mheas air tráth.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...


Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads