Romano Prodi

polaiteoir agus eacnamaí Iodálach From Wikipedia, the free encyclopedia

Romano Prodi
Remove ads

Is polaiteoir Iodálach é Romano Prodi (rugadh 9 Lúnasa, 1939 i Reggio Emilia, An Iodáil). Iar-Phríomh-Aire na hIodáile é Prodi, agus iar-Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa chomh maith. Fuair sé céim sa dlí ón ollscoil Chaitliceach i Milano agus chaith seal ina mhac léinn sa London School of Economics. Ba mar ollamh le heacnamaíocht a thosaigh sé a ghairm, agus chaith sé sealanna gearra in ollscoileanna Stanford agus Harvard. Chaith sé ocht mbliana fichead ina ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Bhologna, áit a gcónaíonn sé go fóill.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Chuaigh sé le polaitíocht i lár na 1970í, agus ceapadh é ina Aire Tionsclaíochta i 1978. Bhí sé ar choimisiúin éagsúla sna 1980í agus go luath sna 1990í. Rinneadh Príomh-aire na hIodáile de i 1996, ach thit a rialtas i 1998 nuair a tharraing na Cumannaigh siar a dtacaíocht.

Bhí Romano Prodi ina Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa ó Mheán Fómhair 1999 go Samhain 2004. Ghlac sé páirt arís i bpolaitíocht Iodálacha, agus bhuaigh sé an toghchán i gcoinne Silvio Berlusconi i mí Aibreáin, 2006.

Thumb
Romano Prodi (ar an lámha dheis) le Uachtarán na Stát Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Sualainne Göran Persson ar 14 Meitheamh, 2001.
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads