Rudolf Virchow

From Wikipedia, the free encyclopedia

Rudolf Virchow
Remove ads

Lia ab ea Rudolf Virchow (rugadh ar an 13 Deireadh Fómhair 1821 i Schivelbein, Pomerania é agus fuair sé bás ar 5 Meán Fómhair 1902 i mBeirlín) ón Ghearmáin, a bhí ina phaiteolaí, réamhstairí, bhitheolaí agus pholaiteoir.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Luathshaol

Oileadh é i leigheas san acadamh míleata i mBeirlín, agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1843. Rinneadh ollamh de sa bhliain 1847.

Bhog sé go Würzburg dhá bhliain ina dhiaidh sin ar cúiseanna a bhain le polaitíocht. D’fhill sé ar Bheirlín sa bhliain 1856.

Leigheas

Leoicéime

Deirtear go ndearna sé go leor fionnachtana ina shaol. Dúradh gurb eisean an chéad duine a rinne cur síos ar leoicéime.

Dlí.

Thumb

Sé an dlí eolaíochta is cáiliúla a rinne sé cur síos ar ná Omnis cellula e cellula (is ó chill a thagann chuile cill) a foilsíodh sa bhliain 1855.[1] Tá an coincheap seo bainteach leis an smaoineamh nach n’éiríon an t-orgánach uilig tinn ach gurb iad na cilliní iad féin a n-éiríonn tinn.

Eambólacht

Rinne Virchow soiléiriú ar an eambólacht sna scamhógaí agus b’eisean a thug an t-ainm embolus (Gaeilge: eambólas) dúinn. Thug sé cuntas ar tinneas ar a ghlaoitear Triad a bhaineann le cruthú thrombus.

Polaitíocht

Thumb

Ba pholaiteoir é freisin (Ball de Comhairle Cathrach Beirlín, An Pharlaimint Prúiseach ó 1861 agus an Reichstag 1880-1893). Rinne sé sárobair ar son sláinte an cosmhuintir ag iarraidh feabhas a chuir ar a bhfoinsí uisce agus leasú cúrsaí séarachais. Chreid sé go raibh dlúthbhaint ag cúrsaí sóisialta le sláinte agus chuir sé an smaoineamh sin chun chinn. Bhí sé ina bhunaitheoir den pháirtí polaitiúla, na Liobrálaigh, agus sheas sé go daingean in aghaidh Bismarck.

Thumb
Péintéir: Hans Schadow, 1896

D’obair sé lámh as lámh le Bismarck ar shlí amháin, áfach, agus b’in sa Kulturkampf (focal a chum sé fhéin is é ag tagairt do na Maigesetz, ie Dlíthe Bhealtaine) in aghaidh an chléir Chaitliceach.

Scríbhneoireacht

Ba scríbhneoir torthúil é. Rinne sé cur síos ar modh chun scrúdadh iarbháis a dhéanamh a bhfuil á n-úsáid go forleathan síos go dtí an lá atá inniu ann.

Thumb

B’é Virchow duine de bhunaitheoirí leigheas mar eolaíocht agus tá a thionchar fós le feiscint i ngach gné de chleachtadh an leighis chomhaimseartha.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads