Sankt Gallen

From Wikipedia, the free encyclopedia

Sankt Gallen
Remove ads

Is í Sankt Gallen (Gaeilgeː Naomh Ceallach, Gearmáinis: Sankt Gallen, Fraincis: Saint-Gall, Iodáilis: San Gallo, Rómainis: Son Gagl) an t-ochtú cathair is mó san Eilvéis í, agus Sankt Gallen is ainm do cheann de thrí canton déag na hEilvéise.[1]

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
Remove ads

Tíreolaíocht

Tá an chathair suite cois abhann Steinach in oirthuaisceart na tíre, in aice le Loch Konstanz (Bodensee) agus le teoranna na Gearmáine agus na hOstaire. Bhí breis is 73,000 duine ina gcónaí sa chathair fhéin sa bhliain 2011, ach tuairim is 160,000 duine le na fo-bhailte san áireamh.

Stair

Tháinig Ceallach (nó Naomh Gall), manach Éireannach, go dtí an ait sna 600idí agus bhí díseart aige.

Céad bliain níos déanaí, in 719, bhunaigh Naomh Otmar mainistir ag an ait a raibh Ceallach curtha. Tar éis bháis d'fhear a bunaithe, tháinig tuilleadh forbartha ar an mainistir, agus ní fada go raibh ainm in airde uirthi, agus agus mhéadaigh ar líon na manach a bhí ag freastal ar an mainistir nua.[1]

Faoi aimsir Shéarlais Mhóir (c. 747-814), bhí leabharlann mhór i mainistir Sankt Gallen, leabharlann agus ceann de na bailiúcháin lámhscríbhinní diaga ba thábhachtaí in iarthar na hEorpa. Inniu tá clú agus cáil ar an mhainistir Bheinidicteach (Fürstabtei St. Gallen) seo. Agus tá an leabharlann cháiliúil sa mhainistir fós ann (Bibliotheca Sangallensis).

Remove ads

Saol

Is í Sankt Gallen príomhchathair chantúin Sankt Gallen agus is í an áit chultúrtha is tábhachtaí in oirthear na hEilvéise. Fairis sin, tá Ollscoil Naomh Gall (HSG) ann le tuairim is 6,500 mac léinn ag freastail cúrsaí geilleagair.

Daoine

  • Naomh Ceallach

Íomhánna

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads