Scannal Watergate

From Wikipedia, the free encyclopedia

Scannal Watergate
Remove ads

Tharla briseadh isteach sa Watergate Building in Washington DC sa bhliain 1972. Dhá bhliain dar gcionn, d'éirigh Richard Nixon as uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar "scannal Watergate".[1]

Thumb
Oifig Watergate, Washington, District of Columbia
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Remove ads

Imeachtaí

Thosaigh scannal Watergate sna Stáit Aontaithe ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Richard Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán.[2]

Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.

Thumb
Raidió trasraitheora

Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.

Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.

Remove ads

Iarmhairtí

I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974. Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin riamh a d'éirigh as oifig.

Ceapadh an leasuachtarán, Gerald Ford, mar uachtarán. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig i ndiaidh an scannail Watergate.

In 1975, gabhadh John N. Mitchell,[3] a bhí ina Aturnae Ginearálta ag an Uachtarán Richard Nixon

Is sna Stáit Aontaithe sna 1970í, tar éis scannal Watergate a tháinig ann do na chéad fhorálacha reachtúla don nochtadh leasanna ag oifigigh phoiblí, agus is cuid den dea-chleachtas idirnáisiúnta anois iad.[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads