Seasaidh NicLachlainn
amhránaí Albanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Soprán Albanach ab ea Seasaidh NicLachlainn nó Seònaid NicLachlainn (Béarla: Jessie Niven MacLachlan).
Remove ads
Luathshaol
Rugadh í sa bhliain 1866 agus tógadh í san Òban, an duine ba shine d’ochtar clainne a rugadh do Alexander Mac Lachlainn agus Margaret Campbell Niven. Ceantálaí ba ea a hathair.
Gairmréim
Nuair a bhí sí ina déagóir, bhog sí go Glaschú agus ba ann a chuaigh sí ar stáitse den chéad uair. Bhain sí clú agus cáil amach agus í ag canadh amhrán ceoldrámaíochta — mar shampla chan sí don Bhanríon Victoria, i gCaisleán Bhaile Mhorail sna 1890idí.[1] Chuaigh sí ar chamchuairt fhairsing. Bhí sí ar an gclár céanna leis an amhránaí Harry Lauder agus leis an veidhleadóir Mackenzie Murdoch ar chamchuairt Albanach.[2] Chuaigh sí ar camchuairt i Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1901;[3] agus í i gCeanada, chan sí leis an déagóir Henry Burr san Áras Ceoldrámaíochta in Saint John, Brunswick Nua.[4]
Remove ads
Saol pearsanta
Phós Seasaidh a tionlacaí Robert Buchanan sa bhliain 1887. Bhí mac acu. Fuair sí bás i nGlaschú sa bhliain 1916, agus í 49 bliain d'aois, go gairid tar éis di "aistear guaiseach" a dhéanamh ón bhFrainc i rith an Chogaidh Mhóir. I Reilig Choille Chart atá sí curtha.[5]
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads