Sed
bogearra áirge ar chórais UNIX From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bogearra áirge ar chórais Linux/Unix is ea sed (ó “stream editor” i mBéarla). Úsáideann sé teanga ríomhchlárúcháin an-simplí chun sruthanna téacs a athrú. Ba é Lee E. McMahon, ag obair le Bell Labs, a chruthaigh an chéad leagan de sed idir 1973 agus 1974.[1] Bhí sed bunaithe ar ghnéithe scriptithe a bhí ar fáil sna heagarthóirí idirghníomhacha qed (ó “quick editor” i mBéarla, 1965–1966) agus ed (1971). Bhí sed ar cheann de na huirlisí is luaithe a thacaigh le sloinn rialta, agus tá sé fós in úsáid go forleathan sa téacsphróiseáil, in éineacht le huirlisí eile ar nós AWK agus Perl.
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads