Sergiusz Piasecki
scríbhneoir Polannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea Sergiusz Piasecki (Bealarúisis: Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki, a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar an 12 Meán Fómhair 1964 i Londain.
Remove ads
Remove ads
Saol
Bhí Piasecki ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorann, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach Rúisis agus canúint Bealarúisise nuair a bhí sé óg.
Bhí Piasecki ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách.
Saothar
Thuill an chéad úrscéal foilsithe, Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.

I rith bhlianta an chogaidh, bhí Piasecki ag cuidiú le Armia Krajowa ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na Naitsithe. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais. Bhí acmhainn mhaith grinn ann, greann dorcha

Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh Piasecki dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach - i rith an chogaidh, mar atá, Człowiek przemieniony w wilka ("An Duine i gConriocht") agus Dla honoru Organizacji ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraor, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads