Simone Veil

polaiteoir agus giúistís Fhrancach From Wikipedia, the free encyclopedia

Simone Veil
Remove ads

Dlíodóir, polaiteoir agus feimineach ón bhFrainc ba ea Simone Veil ̈(née Jacob; 13 Iúil 192730 Meitheamh 2017). Ba aire rialtais, údar, an chéad uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa (1979-82) í. Tháinig sí slán ó champa báis Auschwitz ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.[1]

Thumb
ómós do Simone Veil, agus scéal a beatha
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads
Remove ads

Saol

Thumb
1980

Giúdachas

De shliocht Giúdach, tháinig slán as Auschwitz sa bhliain 1945. Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.[2]

Tá clú uirthi ar fud na hEorpa fós as a chinntiú go ndéanfaí na Giúdaigh a maraíodh le linn an Uileloiscthe a urramú agus a choimeád inár gcuimhne.

Thumb
1993

Aire

Tá cáil ar leith ar Veil sa Fhrainc as an nginmhilleadh a dhéanamh dleathach agus as beatha na mban agus dálaí na gcimí a fheabhsú.[2]

Mar aire rialtais sa Fhrainc, thug sí reachtaíocht ginmhillte isteach sna 1970idí. Ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc ("la Loi Veil sur l’IVG") sa bhliain 1974 agus Veil i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81).[1]

AE

Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.[2]

Sa bhliain 1979, ceapadh í ina feisire de Pharlaimint na hEorpa agus toghadh í mar Uachtarán na Parlaiminte. D’fhan sí sa ról sin go dtí 1982. D’fhág sin gurbh í an chéad Uachtarán í den chéad Pharlaimint a toghadh go díreach agus gurbh í an chéad Uachtarán mná í (1979–1982 a tréimhse oifige).

Thumb

Údar

Toghadh Veil ina ball den Académie française ag deireadh mhí na Samhna 2008. Glactar leis go forleathan go raibh a háit ar an Académie tuillte aici.[1] Ach tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam a bhronnadh uirthi, agus feachtas ar bun acu in aghaidh an ghinmhillte i gcónaí.

D'éag Veil ar 30 Meitheamh 2017.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads