Sonia Sotomayor

breitheamh Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Sonia Sotomayor
Remove ads

Breitheamh Meiriceánach is ea Sonia Sotomayor, ina Breitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (a rugadh ar 25 Meitheamh 1954). Mhol Barack Obama í sa bhliain 2009 agus tá Sotomayor leathan-aigeantach go leor. Níl inti ach an tríú bean ariamh ar an gCúirt Uachtarach, agus an chéad Hiospáineach.[1]

Thumb
1958ː a tuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu
Remove ads

Gairm

Thumb
1968

As an Bronx ó dhúchas í Sotomayor, de thuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu, agus i dtithíocht phoiblí sa Bhronx. Fuair a hathair bás nuair a bhí Sotomayor naoi mbliana d’aois, bliain tar éis di diabéiteas a tholgadh. Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas. Bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar. Chuaigh sí ó Ardscoil an Chairdinéil Spellman i 1972 go dtí Ollscoil Princeton. D’fhág sí Princeton i gcéadáit ('summa cum laude') a ranga (AB 1976) chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale. Ach bhain sí dochtúireacht amach (JD 1979). Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth ó shin.[1]

Ionchúisitheoir agus breitheamh

Bhí Sotomayor ina hionchúisitheoir dúiche cúnta i gContae Nua-Eabhrac (Manhattan) ó 1979 go 1983. Bhí meas ar a cuid oibre mar ionchúisitheoir, go háirithe mar gheall ar an dúthracht a bhí inti dul i ndiaidh na pornagrafaíochta leanaí. Tar éis di roinnt blianta a chaitheamh i mbun dlíthíochta tráchtála, rinneadh comhpháirtí i Pavia & Harcourt, Manhattan di, sa bhliain 1988.[2]

Thumb
2009

Ceapadh Sotomayor ina breitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Deiscirt Nua-Eabhrac sa bhliain 1992, i ndiaidh vóta d'aon ghuth i Seanad na Stát Aontaithe i bhfabhar a hainmniúcháin. Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.

Ceapadh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Dara Cuaird í sa bhliain 1998; ní raibh bealach chomh éasca aici, ach ar deireadh daingníodh í, le vóta 67-25.[2] Bhí breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.

Thumb
2018

Cúirt Uachtarach

Thumb
2017

Nuair a d'ainmnigh an t-Uachtarán Obama do Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe í, sa bhliain 2009, daingníodh í, ar deireadh, le vóta 69-31, d'ainneoin go raibh conspóid ann maidir le tuairim a chuir sí in iúl sa bhliain 2001 go ndéanfadh breitheamh Latina cinneadh ní b'fhearr, den chuid is mó, ná fear geal nach mbeadh an taithí chéanna ar an saol aige.[2]

Cuireadh Sotomayor faoi mhionn mar Bhreitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ar 8 Lúnasa 2009.

Léirigh a cuid breithiúnas ó 2009 go bhfuil Sotomayor ar eite liobrálach na Cúirte Uachtaraí den chuid is mó. Ach ó am go ham taobhaíonn sí leis na coimeádaigh maidir le ceisteanna áirithe, mar an clásal a bhaineann le láithreacht na bhfinnéithe.[2]

Thumb
2011
Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads